J. E. Caerwyn Williams

scoláire Breatnach

Ba scoláire Breatnach é J. E. Caerwyn Williams (John Ellis Caerwyn Williams; 1912–1999), Comhalta in Acadamh na Breataine (FBA).[1] Ba iad litríochtaí na dteangacha Ceilteacha, Breatnaise agus na Gaeilge go háirithe, an réimse acadúil lena raibh sé ag plé go príomha. D’fhoilsigh sé leabhair as Breatnaise agus as Béarla.

Infotaula de personaJ. E. Caerwyn Williams
Beathaisnéis
Breith17 Eanáir 1912
Gwauncaegurwen, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Meitheamh 1999
87 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil na Breataine Bige
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
United Theological College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine léannta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Goodreads author: 1168741

Rugadh Caerwym Williams i nGwan-Cae-Curwen, Morgannwg sa bhliain 1912. Bhí baint ag a mhuintir le mianadóireacht guail. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Ollscoile Thuaisceart na Breataine Bige, Bangor agus bronnadh céim air sa Laidin i 1933 agus sa Bhreatnais i 1934. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun tuilleadh staidéir a dhéanamh. Bhí sé ar intinn aige a bheith ina mhinistir in Eaglais Phreispitéireach na Breataine Bige agus is dá bharr sin a d’fhreastail sé ar Choláiste Diagachta Aontaithe, Aberystwyth agus bronnadh céim Bhaitisléir Diagachta (BD) air i 1944. Sa bhliain 1945 ceapadh é ar fhoireann Roinn na Breatnaise ag Coláiste Ollscoile Thuaisceart na Breataine Bige, Bangor agus rinneadh ollamh le Breatnais de sa bhliain 1953. D’fhan sé sa phost sin go dtí gur ceapadh in a ollamh le Gaeilge é ag Coláiste Ollscoile na Breataine Bige, Aberystwyth in 1965, áit ar fhan sé go dtí gur éirigh sé as a phost an múinteoireacht i 1979. Toghadh ina Chomhalta d'Acadamh na Breataine é sa bhliain 1978.

Leabharliosta Roghanach

cuir in eagar
  • Traddodiad llenyddol Iwerddon (=Traidisiún liteartha na hÉireann) (1958), aistrithe níos deireanaí go Gaeilge mar Traidisiún Liteartha na nGael (1979) agus go Béarla mar The Irish literary tradition (1992)
  • The Poems of Taliesin (Mediaeval & Modern Welsh) (eagarthóir, le hIfor Williams, 1968)
  • Literature in Celtic Countries (1971)
  • Y storïwr Gwyddelig a'i chwedlau (=An Seanchaí Gaelach agus a scéalta) (1972)
  • Poets of the Welsh Princes (Writers of Wales S.) (1978)
  • Ysgrifau Beirniadol (=Scríbhinní léirmheastacha) (1965- ) Eagarthóir bunaidh de shraith imleabhar d'aistí léirmheastacha ar litríocht na Breatnaise den chuid is mó.