José Mourinho
Is traenálaí peile é José Mário dos Santos Félix Mourinho (rugadh é ar an 26 Eanáir 1963 i Setubal na Portaingéile). Tá sé ina thraenálaí ar an bhfoireann AS Roma.
Gairmréim traenála
cuir in eagarChuir Mourinho tús lena ghairmréim leis an bhfoireann Benfica, agus bhí sé i gceannas orthu ar feadh naoi gcluiche. Sa bhliain 2001, chuaigh sé go dtí Leiria chun a bheith ina thraenálaí ar U.D. Leiria. Ina dhiaidh sin, bhí seal rathúil aige le Porto idir 2002 agus 2004, ina bhuaigh siad an Corn UEFA (2003), Sraith na Seaimpíní (2004) agus an Liga Portaingéalach faoi dhó.
Chelsea
cuir in eagarSa tsamhradh 2003, cheannaigh Roman Abramovich an club Sasanach Chelsea. Thaitin Mourinho go mór le Abramovich, agus sa bhliain 2004 d'fhág Mourinho slán le Porto agus chuaigh sé go dtí Londain chun post a ghlacadh leis an gclub. Chuir Abramovich a lán airgid sa chlub, agus thosaigh siad ag ceannach imreoirí gan mhoill. Thosaigh Mourinho mar thraenálaí i mí Iúil sa bhliain 2004.
Sa tséasúr 2004/05, bhuaigh Chelsea Premier League agus Corn na Sraithe. Sa bhliain 2005/06, bhain siad an Príomhroinn amach arís, ach níor éirigh leo a dhéanamh amhlaidh i Sraith na gCuradh. B'é Learpholl a rinne an éacht seo. Bhuaigh Mourinho an gradam Traenálaí na Bliana don bhliain 2006.
I rith an tsamhraidh 2006, cheannaigh Abramovich na himreoirí Michael Ballack agus Andriy Shevchenko, cé go raibh Mourinho féin sa tóir ar Samuel Eto'o. I mí Mheán Fómhair, bronnadh cárta dearg ar Bhallack i gcluiche in aghaidh Learpholl. I mí Eanáir, 2007, bhí argóint idir Mourinho agus Abramovich, mar bhí Ballack agus Shevchenko ag imirt go dona. Bhí teannas idir an bheirt as seo amach, ach bhuaigh Chelsea Corn na Sraithe agus Corn F.A. fós.
Sa tséasúr nua 2007/08, bhuaigh Chelsea an chéad chluiche i gcoinne Birmingham City, agus an cluiche ina dhiaidh sin i gcoinne Reading. I mí Mheán Fómhair, áfach, ní raibh Chelsea in ann an ceann is fearr a fháil ar Blackburn Rovers, Aston Villa agus Rosenborg. Ar an 20 Meán Fómhair, 2007, d'fhág Mourinho a phost, agus cuireadh Avram Grant isteach ina áit.
Internazionale
cuir in eagarThosaigh Mourinho mar thraenálaí ar Internazionale ar an 2 Meitheamh, 2008. Bhuaigh Inter an SuperCorn Iodálach i mí Lúnasa 2008. I Sraith na gCuradh, bhuaigh Inter an chéad chluiche agus imríodh comhscór sa chéad chluiche eile. Bhuaigh Inter an Serie A, an Coppa Italia agus Corn na hEorpa sa bhliain 2010.
Liosta trófaí
cuir in eagarPorto:
|
Chelsea:
|
Internazionale:
|