Juan Rulfo
Scríbhneoir Meicsiceach ab ea Juan Rulfo (fíorainm: Juan Nepomuceno Carlos Pérez-Rulfo Vizcaíno). Rugadh i Sayula (stát Jalisco) i Meicsiceo é ar an 16 Bealtaine 1917, agus fuair sé bás i gCathair Mheicsiceo, príomhchathair na tíre, ar an 7 Eanáir 1986.
Juan Rulfo | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Juan Nepomuceno Carlos Pérez Rulfo Vizcaíno |
Eolas breithe |
San Gabriel Municipality (en) ![]() ![]() |
Náisiúntacht | Meicsiceo |
Bás | Cathair Mheicsiceo, Eanáir 7, 1986 |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha (ailse scamhóg) |
Oideachas | |
Teangacha | An Spáinnis |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir scripte scannáin, grianghrafadóir agus úrscéalaí |
Saothar iomráiteach |
The Burning Plain and Other Stories (en) ![]() Pedro Páramo (en) ![]() |
Duais |
liosta iomláin
|
Daoine le tionchar air/uirthi | William Faulkner |
Ballraíocht |
Academia Mexicana de la Lengua (en) ![]() |
Creideamh | |
Reiligiúin | Caitliceach Rómhánach |
IMDb | nm0750031 |
elem.mx… |
Cé nár fhoilsigh sé riamh ach dhá leabhar, agus iad féin sách seang, glactar leis inniu go raibh tionchar mór aige ar na scríbhneoirí Meiriceánacha Laidineacha agus ar fhorbairt an réalachais draíochta.
Scríobh sé úrscéal amháin, Pedro Páramo, agus cnuasach amháin gearrscéalta, El Llano en Llamas ("An Machaire ar Bharr Lasrach").
SaolCuir in Eagar
Ba í stair chorrach Mheicsiceo príomhábhar na leabhar Pedro Páramo a d'fhoilsigh Rulfo, idir réabhlóid na mblianta 1910-20 agus chogadh na gCristeros sa bhliain 1927. Iar-thiarnaí talún ab ea iad a mhuintir a chaill a gcuid tailte agus fáltais i rith na gcogaí seo. Mar sin, tháinig sé go nádúrtha aige na himeachtaí sin a phlé ina chuid scríbhneoireachta.
Cé nach raibh sé bisiúil mar scríbhneoir leabhar, rinne sé an-obair mar scriptscríbhneoir scannán. Chomhoibrigh sé le beirt scríbhneoirí tábhachtacha eile, Carlos Fuentes agus Gabriel García Márquez, leis an script a scríobh don scannán El Gallo de Oro ("An Coileach Órga") a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1964.
Grianghrafadóir éirimiúil a bhí ann freisin, cé nach bhfacthas mórán dá shaothar go poiblí roimh a bhás. Chaith sé tréimhse fhada ina cheannasaí ar Institiúid Náisiúnta na bPobal Bundúchasach (Instituto Nacional Indigenista), foras oifigiúil an rialtais Mheicsicigh le haghaidh riarachán chúrsaí na mbundúchasach sa tír, agus san am sin, d'fhéach Rulfo chuige gur doiciméadaíodh saol na bpobal bundúchasach i ngrianghraif agus gur foilsíodh na grianghraif sin faoi chlúdach leabhar.
ScríbhneoireachtCuir in Eagar
Is í an stíl insinte ba mhó a thabhaigh a chlú dó, áfach, go háirithe síorláithreacht an bháis san úrscéal. I dtús an úrscéil, téann fear óg darb ainm Juan Preciado ar lorg a athar, Pedro Páramo, lena cheart a éileamh air. Tá a mháthair tar éis bháis, agus nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, d'impigh sí ar Juan Preciado dul i dteagmháil le Pedro Páramo - is é an chuma atá ar an scéal go bhfuil Pedro Páramo tar éis máthair Juan a leagan suas nuair a bhí sí óg, gan bacadh leis an gcailín ná leis an mac ina dhiaidh sin. Téann Juan go Comala, áit a bhfuil cónaí ar Pedro Páramo, ina dhiaidh sin, ach de réir a chéile tagann sé chun solais go bhfuil Páramo marbh, go bhfuil muintir na háite go léir marbh, agus go bhfuil Juan Preciado féin marbh.
GaeilgeCuir in Eagar
Tá an t-úrscéal Pedro Páramo ar fáil i nGaeilge freisin, ó d'aistrigh Tomás Mac Síomóin é.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |