Lártheifneoir
Is é rud is lártheifneoir ann ná trealamh chun na comhábhair i meascán (solaid i leacht, nó leacht i leacht) a scaradh trí rothlú tapa, agus mar sin, trí fhórsa lártheifeach. Is féidir é a úsáid i dtionscail (mar shampla, i ndéirí chun an t-uachtar a scaradh ón mbainne, nó sa mhianadóireacht chun carraigeacha a scaradh ón mianra) agus i dtaighde eolaíoch (mar shampla, in ultralártheifneoir chun páirteagail ar mhéid macramóilíní a scaradh ó chéile).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lártheifneoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 395.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |