Léigear alcázar, Toledo
Ar an 21 Iúil 1936, le linn Chogadh Cathartha na Spáinne, chuir na Poblachtánaigh an alcázar (nó seandún) i gcathair Toledo faoi léigear, áit a raibh grúpa beag náisiúnaithe ag seasamh an fhóid i gcoinne fhórsaí an rialtais.
| ||||
Cineál | léigear | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh Cathartha na Spáinne | |||
Tréimhse | 21 Iúil - 27 Meán Fómhair 1936 | |||
Dáta na bliana | 27 Meán Fómhair 1936 | |||
Suíomh | Toledo, An Spáinn Alcázar of Toledo, An Spáinn (en) | |||
Tír | an Spáinn | |||
Ba shaghas siombail den éirí amach é do na náisiúnaithe an Alcázar. Bheartaigh an Ginearál Franco dul i gcabhair orthu agus cuireadh an t-ionsaí ar Mhaidrid ar athló.
Thóg na réabhlóidithe mianadóirí ó Asturias, i dtuaisceart na tíre, isteach chun buamaí a chur faoin gcaisleán, iarracht dheireanach chun na cosantóirí a chloí.[1] Cé gur phléasc na buamaí is gur thit cuid den chaisleán, ní raibh na hionsaitheoirí in ann na fothracha a thógáil.
Chuir Francisco Franco deireadh leis an léigear ar an 26 Meán Fómhair. Bua siombalach a bhí ann thar aon ní eile.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Steve Hurst (2010-03-10). "Famous Faces of the Spanish Civil War: Writers and Artists in the Conflict, 1936–1939" (as en). Casemate Publishers.
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |