Lafcadio Hearn

scríbhneoir Seapánach

Scríbhneoir ab ea Patrick Lafcadio Hearn (/hɜːrn/; Gréigis: Πατρίκιος Λευκάδιος Χερν; 27 Meitheamh 185026 Meán Fómhair 1904), a raibh aithne air freisin faoina ainm Seapánach Koizumi Yakumo (小泉 八雲). Aithnítear é sa chuid is mó as a chuid leabhar faoin Seapáin, go mór mhór as a dhíolaimí miotas agus scéalta taibhsí i mBéarla a leithéid Kwaidan: Stories and Studies of Strange Things. Tá cáil freisin ar a chuid scríbhinní faoi New Orleans, Louisiana, iad bunaithe ar na deich mbliana a chaith sé ina chónaí sa chathair úd. Sa tSeapáin, áfach, a mhothaigh sé ar a shuaimhneas ba mó. Phós sé bean Sheapánach, rugadh ceathrar páistí dóibh agus ghlac sé le saoránacht na Seapáine.

Infotaula de personaLafcadio Hearn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Patrick Lafcadio Hearn
27 Meitheamh 1850
Lefkada, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meán Fómhair 1904
54 bliana d'aois
Ōkubo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach agus aingíne chléibh)
Áit adhlacthaReilig Zōshigaya, 1-1-8-35 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir rialtas eachtrach sa tSeapáin le linn thréimhse na Meiji
1890 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Búdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Ushaw (1863–1867) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht, litríocht uafáis, aistriúchán agus múineadh
Gairmscríbhneoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1884 –
FostóirOllscoil Waseda (1904–1904)
Ollscoil Impiriúil Thóiceo (1897–1903)
Ollscoil Impiriúil na Seapáine (1896–1897)
Fifth High School (en) Aistrigh (1891–1894) Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Ainm cleiteKoizumi Yakumo (1896–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an tSeapáinis agus an Fhraincis
Teaghlach
CéileAlthea Foley (1875–1877), colscaradh
Setsu Koizumi (1891–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKiyoshi Koizumi
 ( )
Iwao Inagaki
 ( Setsu Koizumi) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Bush Hearn  agus Rosa Antonia Cassimati
SiblínJames Daniel Hearn
Síniú

IMDB: nm0372499 Discogs: 1350555 IMSLP: Category:Hearn,_Patrick_Lafcadio Find a Grave: 6134104 Cuir in eagar ar Wikidata

A óige cuir in eagar

Bí cúlra casta teaghlaigh aige, agus eisean faoi chúram a athar, a mháthar agus aintín leis ag amanna difriúla. B'as Éirinn a athair, agus Gréagach ab ea a mháthair. Rugadh Lafcadio ar cheann de na hOileáin Iónacha sa Ghréig, mar atá Lafcada (as a dtagann an dara ainm leis) agus tógadh é i mBaile Átha Cliath, Contae Phort Láirge agus i mBangor sa Bhreatain Bheag. Oileadh i Sasana agus sa Fhrainc é. D'aistrigh sé scéalta Guy de Maupassant ón bhFraincís go dtí an Béarla.

A ghairmré cuir in eagar

Thug sé aghaidh ar Mheiriceá agus é 19 bliana d'aois. Rinne sé a bhealach chuig Cincinnati, Ohio mar a raibh daoine gaolta leis ina gcónaí ann. Agus é 23 bliain d'aois phós sé bean óg ghorm darbh ainm Alethea ("Mattie") Foley, rud a bhí in aghaidh an dlí in Ohio san am.

 
Lafcadio Hearn lena dara bhean chéile, Koizumi Setsu, sa tSeapáin

Shíothlaigh Hearn i dTóiceo de bharr taom croí. I ndiaidh a bháis, ghlac Natsume Sōseki cathaoir litríocht an Bhéarla in Ollscoil Thóiceo, post a bhí ag Hearn go dtí sin.