Leathóg mhín
speiceas iasc
Is éard is leathóg mhín ann ná leathóg choiteann Eorpach a fhaightear sna farraigí scairbhe ó thuaisceart na hIorua go Bá na Bioscáine. An cholainn ubhchruthach, suas le 65 cm ar fhad. An béal beag. Donn le mósáic de phaistí buí is glasa. Itheann sí péisteanna mara den chuid is mó. Bia-iasc luachmhar a ghabhtar le líonta agus trálaeirí.[1] Tugtar sól geal, sól sleamhain, agus leith bhallánach air freisin.[2]
Microstomus kitt | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 18227047 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Pleuronectiformes |
Fine | Pleuronectidae |
Treibh | Microstomini |
Géineas | Microstomus |
Speiceas | Microstomus kitt Walbaum, 1792 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leathóg mhín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 402.
- ↑ ““Microstomus kitt” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |