Leictreinceifealagrafaíocht

Is éard is leictreinceifealagrafaíocht[1] ann ná scrúdú ghníomhaíocht leictreach na hinchinne le leictreoidí a ghreamaítear leis an gcloigeann, a thaifeadtar de ghnáth mar rianú ar pháipéar a dtugtar EEG (leictreinceifealagram) air. Athraíonn an EEC le gníomhaíocht mheabhrach an duine, agus faightear patrúin shainiúla sa ghníomhaíocht dhromchlach leictreach (mar shampla, duine ina chodladh, i gcóma nó i dtaom titimeach). Faightear an alfa-rithim (timpeall 10 Hz) nuair a ligeann duine a scíth is a dhúnann a shúile, agus faightear an deilte-rithim (1-4 Hz) nuair a thiteann duine i gcodladh trom.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “leictreinceifealagrafaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Leictreinceifealagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 405.