Feiste chun léas leictreon a tháirgeadh. Táirgeann sé catóid théite leictreoin inti trí astú teirmianach, agus aomann anóid dhiúltach, atá fad éigin amach ón gcatóid, na leictreoin seo. Éartar cuid acu seo ar ais le leictreoid ghreille in aice leis an gcatóid atá luchtaithe go diúltach, agus rialaíonn sí seo an líon leictreon a leanann ar aghaidh, is mar sin déine an léis. Luasghéaraíonn agus fócasaíonn leictreoidí dearfacha eile an léas roimh an anóid. Is feiste bhunúsach é seo sa luascóp ga-chatóideach, an leictreonmhicreascóp, agus an feadán teilifíse.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreonghunna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 405.