Liúit
Ís éard is liúit inti ná gléas ceoil Eorpach a thagann ón úide Arabach, in úsáid ón Meánaois go dtí an 18ú céad, a athbheodh sa nua-aois chun seancheol a sheinm. Colainn mhór phiorra-chruthach, fuaimchlár athshonadóra plánach, muineál leathan, méarchlár le cipíní méire do na snáitheanna caoláin, agus pionna-chlár socraithe go hingearach leis an muineál.
Cineál | plucked string necked bowl lute (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 321.321-5 |
Gairm ealaíonta | liúiteadóir |
Faoin 16ú céad bhí 6 chúrsa snáitheanna stoptha air (is é sin, méaraithe ag an lámh chlé chun airdí éagsúla a dhéanamh). Cuireadh snáitheanna níos ísle oscailte (is é sin, ní raibh siad stoptha) leis níos déanaí. Baineann an seinnteoir na snáitheanna lena lámh dheas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Liút". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 414.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |