Lily Brett
Úrscéalaí, scríbneoir aistí agus file ón Astráil is ea Lily Brett (a rugadh mar Lilijahne Brajtsztajn in 1946 i gcampa Feldafing do dhaoine easáitithe sa Bhaváir). Bhí sí ina cónaí in Melbourne idir 1948 agus 1968, i Londain idir 1968 agus 1871 agus in Melbourne arís idir 1971-1989. Tá sí ina cónaí i Nua-Eabhrac ó 1989 i leith.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Meán Fómhair 1946 78 bliana d'aois Feldafing |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Princes Hill Secondary College (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aiste, belles-lettres agus iriseoireacht |
Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, iriseoir, scríbhneoir aistí, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | David Rankin |
Páiste | Jessica Rankin |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | LilyBrett.com |
Bhí a tuismitheoirí Max (a rugadh mar Mojsze Brajtsztajn in 1916) agus Rose (née Rozka Szpindler, ca. 1921–1986) ina gcónaí in Łódź sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Domhanda.[1][2] Phós siad i nGeiteo Łódź sular cuireadh chun an tsluachampa géibhinn ag Auschwitz iad.[3][4] Tháinig siad le chéile arís tar éis an chogaidh agus rugadh Brett sa Ghearmáin.[5]
Chuaigh an teaghlach chun Melbourne in 1948. Rugadh Doris, an deirfiúr ab óige, in 1950. Bhí a fhios ag Brett go raibh tubaiste ann roimhe sin ach níor lig a tuismitheoirí léi ach cuid den scéal. I gceann tamaill thosaigh sí ag léamh faoi mharú na nGiúdach. Fuair sí oideachas maith in Melbourne ach sheachain sí na scrúduithe a ligfeadh isteach san ollscoil í. Fuair sí post mar iriseoir popcheoil,[6] post a thug go Sasana agus go Meiriceá í. Tar éis di filleadh abhaile phós sí Rob Lovett (iarghiotáraí ón ngrúpa The Loved Ones) agus rugadh dhá pháiste dóibh.[7][8] I gceann tamaill scar siad ó chéile agus phós sí an t-ealaíontóir David Rankin.
Ó 1979 amach bhí sí ag scríobh filíochta, ficsin agus neamhfhicsin. D’fhoilsigh sí an chéad chnuasach filíochta aici, The Auschwitz poems, in 1986, agus é maisithe ag David Rankin.[9] Bhain an leabhar a lán duaiseanna, agus moladh a gearrscéal "Luba" chomh maith. In 1989 d’aistrigh sí féin agus Rankin go Nua-Eabhrac.[7][10]
Tháinig an chéad leabhar ficsin aici, Things Could Be Worse, amach in 1990. Foilsíodh a cúigiú húrscéal, Too Many Men, an ceann is iomráití dá cuid, in 2001.[11] Bhuaigh a seachtú húrscéal, Lola Bensky (2013), an Prix Medicis étranger sa Fhrainc in 2014.
Tá deich gcnuasach filíochta, ceithre chnuasach aistí agus seacht n-úrscéal foilsithe aici. Tá píosaí scríofa aici do roinnt mhaith nuachtán agus irisí liteartha, leithéidí Die Zeit, The Australian, Die Welt, Sydney Morning Herald, The Age agus Frankfurter Allgemeine Zeitungfrankfurter.[12]
Ficsean
cuir in eagar- "Luba" (gearrscéal, 28 Nollaig 1988)
- Things Could Be Worse (1990)
- What God Wants (1992)
- Just Like That (1994)
- Collected Stories (1999)
- Too Many Men (2001)
- You Gotta Have Balls (2005)
- Lola Bensky (2013)
Neamhfhicsean
cuir in eagar- In Full View (1997) Macmillan Australia ISBN 978-0-7329-0895-9
- New York (2001) Picador Australia ISBN 978-0-330-36245-0
- Between Mexico and Poland (2002) Picador Australia ISBN 978-0-330-36386-0
- Only in New York (2014)
Filíocht
cuir in eagar- The Auschwitz poems (1986) Scribe, ISBN 978-0-908011-10-0
- Poland and other poems (1987) Scribe ISBN 978-0-908011-13-1
- After the war: poems (1990) Melbourne University Press ISBN 978-0-522-84415-3
- Unintended Consequences (1992)
- In Her Strapless Dresses (1994) Picador Australia ISBN 978-0-330-35589-6
- Mud in My Tears (1997) Picador Australia ISBN 978-0-330-36011-1
- Poems by Lily Brett (2001) Picador Australia ISBN 978-0-330-36291-7
- Blistered Days (2007) Picador Australia ISBN 978-0-330-42287-1
- Liebesgedichte (Love Poems) (2008)
- Wenn Wir Bleiben Könnten (If We Could Stay) (2014)
Nótaí
cuir in eagar- ↑ Brett, Lily, "Papers of Lily Brett, circa 1946-2007," 2007: http://trove.nla.gov.au/work/35152930, National Library of Australia
- ↑ Overington, Caroline: http://www.theaustralian.com.au/news/inquirer/lily-brett-dad-max-manhattan-and-me/news-story/ccd01d84631ce888408f4aa02b0e150a?nk=af91f3565d1563e382fd20b5920167fc-1465547822, "Lily Brett: Dad Max, Manhattan, and me," The Australian, 7 May 2016
- ↑ Brett, Lily, "Papers of Lily Brett, circa 1946-2007," 2007: http://trove.nla.gov.au/work/35152930, National Library of Australia
- ↑ Overington, Caroline: http://www.theaustralian.com.au/news/inquirer/lily-brett-dad-max-manhattan-and-me/news-story/ccd01d84631ce888408f4aa02b0e150a?nk=af91f3565d1563e382fd20b5920167fc-1465547822, "Lily Brett: Dad Max, Manhattan, and me," The Australian, 7 May 2016
- ↑ "Eine Entgleisung" (German). Die Zeit.
- ↑ Kent, David Martin (September 2002). "The place of Go-Set in rock and pop music culture in Australia, 1966 to 1974" (PDF): 9, 13, 54, 60–64, 68, 73, 128, 139–140, 226, 237. Canberra, ACT: University of Canberra. Curtha i gcartlann 2015-09-04 ar an Wayback Machine
- ↑ 7.0 7.1 "Islander Lily Brett – Nothing is valuable, except for love". Shelter Island Reporter.
- ↑ "Weddings: Rivka Bernstein, Paris Lovett". The New York Times.
- ↑ Brett, Lily; Rankin, David: The Auschwitz Poems, 1986, Scribe: isbn = 978-0-908011-10-0
- ↑ "Lily Brett b. 1946".
- ↑ "Too Many Men by Lily Brett". Publishers Weekly.
- ↑ "Lily Brett articles:". Die Zeit Standard.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Shannon Dowling 'Traces of Trauma: Loss and Longing in Too Many Men' JASAL 6 (2007) Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine
- Miles Franklin Literary Award
- "Lily Brett"[nasc briste go buan] (grianghraf le Elizabeth Gilliam, 1989; stóráilte i Leabharlann Stáit Victoria)
- "Papers of Lily Brett" (PDF). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-03. Dáta rochtana: 2019-12-29.