Ba shraith ceolchoirmeacha é Live8 a tharla ar an 2 Iúil 2005, fiche bliain tar éis LiveAid. D'eagraigh Bob Geldof an dá eachtra. Le LiveAid, ba iad tabhartais charthanacha a bhí i gceist, mar a dúirt Geldof "Tabhair dúinn do focain airgead", ach i gcás Live8, dúirt sé "Níor mhaith linn d'airgead, ba mhaith linn do ghuth". Ba cheartlár an fheachtais brú a chur ar cheannairí an G8 chun fiacha na tíortha is boichte a scriosadh, níos mó cabhrú a thabhairt do thíortha bochta agus rialacha trádála a cheartú. Bhí deich gceolchoirm ar siúl ar an lá, .i.:

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLive 8
Cineálceolchoirm charthanachta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósLive Aid Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2005 - 
EagraíMake Poverty History Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlive8live.com →  (2016) Cuir in eagar ar Wikidata

Sheinn 1,000 ealaíontóir sna ceolchoirmeacha agus bhí thart ar 2.2 billiún duine ag féachaint nó ag éisteacht leis na heachtraí. Chuir an tsraith ceolchoirmeacha tús le seachtain agóidí agus léirsithe, go háirithe i nDún Éideann, an áit a raibh cruinniú an G8 ag tarlú an bhliain úd. Bhí ceolchoirm i nDún Éideann ar an 6 Iúil, 2005, lá an chruinnithe.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar