Luas éalaithe
An t-íosluas teilgin is gá a bheith ag diúracán nó roicéad (gan fuinneamh tiomána ann féin) ar dhromchla an Domhain (nó rinn spéire eile) chun gur féidir leis éalú ón domhantarraingt agus amach sa spás. Is gá luas teilgin os cionn 11 km s-1 ag roicéad chun go n-éalóidh sé go hiomlán ón Domhan. Is ollmhór an luas é seo i gcomparáid le luas forleata na fuaime (timpeall 0.34 km s-1, a dtugtar machuimhir 1 nó Ma 1 air. Mar sin tá an luas éalaithe ar Domhan timpeall Ma 30. Go ginearálta, braitheann an luas éalaithe ar mhais agus trastomhas an phláinéid atá i gceist, de bhrí go mbraitheann sé ar an bhfórsa domhantarraingthe gar do dhromchla an phláinéid. Mar shampla, ní bheadh ach luas éalaithe timpeall Ma 4 de dhíth ar an nGealach.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Luas éalaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 420.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |