Máire Ní Scolaí

amhránaí sean-nóis Éireannach

B'amhránaí clúiteach í Máire Ní Scolaí (24 Bealtaine 190929 Meitheamh 1985)[1]. Bhí aithne go forleathan ar a cuid amhránaíochta ní amháin in Éirinn ach thar lear freisin.

Infotaula de personaMáire Ní Scolaí
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1909
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 1985
76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileLiam Ó Buachalla Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 4937560 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

I mBaile Átha Cliath a rugadh í agus is ansin a chaith sí tús a hóige. Chuaigh sí chuig an Mhodhscoil Láir, áit ar chuir sí aithne ar an scoth-mhúinteoir Bean Uí Ghallchóir.

Chaith sí cúpla seachtain i gColáiste na Rinne chun Gaeilge a fhoghlaim. nuair a bhí sí óg agus chuir spéis a chéaduair sa sean-nós, tar éis d’amhránaithe mar Labhrás Ó Cadhla agus Nioclás Tóibín draíocht a chur uirthi.

Is chun páirt a ghlacadh sa bhFeis a chuaigh sí go Gaillimh sa bhliain 1927. D’áitigh an múinteoir Seoirse Ó Conghaile uirthi fanacht sa chathair agus amhránaíocht agus rince a mhúineadh.

Tháinig a dreifiúr Móna go Gaillimh chomh maith, áit ar bhaineadar clú amach dóibh féin ag múineadh amhránaíochta agus damhsaí Gaelacha.

I nGaillimh a casadh a fear céile uirthi, Liam Ó Buachalla. B'as Cúige Laighean dó agus bhí sé ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ag an am.

 
An Taibhdhearc

Chuir Máire Claisceadal an Choláiste ar bun, chuir sí dlús le Cór an Choláiste agus d'ullmhaigh sí iad i gcomhair 'feis agus fleadh', Feis Chonnacht agus Féile Luimnigh go háirithe. Bhí ar ceann de na chéad-amhránaithe a rinne craoladh ó 2RN agus chraol sí go minic tar éis sin ar Radio Éireann agus ar an BBC (Londain agus Albain).

Bhí dlúthbhaint aici le Taibhdhearc na Gaillimhe sna blianta tosaigh agus tá cuimhní geala ag Gaillimhigh ar an gcéad léiriúchán a rinneadh ann ar 'Diarmuid agus Gráinne' agus uirthi féin is ar Mhicheál Mac Liammóir i bpríomhpháirteanna an dhráma.

Amhráin cuir in eagar

  • Óró mo bháidín ar Youtube anseo

Tagairtí cuir in eagar