Máire Ní Thuathail

léiritheoir teilifíse Éireannach

Bhí Máire Ní Thuathail (29 Iúil 1959 - 19 Meán Fómhair 2016)[1] ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Eo Teilifís sa Spidéal agus ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an sobaldráma Ros na Rún.[2] Bhí tionchar as cuimse ag Máire Ní Thuathail ar chúrsaí teilifíse i nGaeilge.[3] Bhí sí ar dhuine de cheannródaithe theilifís na Gaeilge le breis is 25 bliain agus bhí baint mhór aici le forbairt na hearnála teilifíse Gaeltachta.[4]

Infotaula de personaMáire Ní Thuathail
Beathaisnéis
Breith29 Iúil 1959
Tuar Mhic Éadaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 2016
57 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmléiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

B'as baile Thuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo di.

I ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht talmhaíochta i gColáiste na hOllscoile Gaillimh agus COBÁC, thug sí seal ag múineadh agus seal eile ina hOifigeach Oideachais le Bord na Gaeilge sula ndeachaigh sí ag plé le cúrsaí teilifíse.

 
Tturas teanga

Chuir sí tús lena ré i saol na teilifíse nuair a d'oibrigh sí mar thaighdeoir ar an irischlár, Púiríní, a bhí á léiriú ag Coco Television i 1988.[5]

Ba i 1989 a bhunaigh sí an comhlacht neamhspleách léiriúcháin Eo Teilifís, atá lonnaithe ar an Spidéal agus bhí cónaí uirthi i Seanadh Gharráin sa Spidéal. Is é an comhlacht Eo Teilifís a thug an sobaldhrama 'Ros na Rún' do Theilifís na Gaeilge in aimsir a bhunaithe i 1996. Bhí sí ina léiritheoir feidhmiúcháin freisin ar 'Ros na Rún'.

I 1996, mar shampla, bhuaigh clár puipéid de chuid Eo Teilifís Mire Mara gradam ag Féile na Meán Ceilteach don chlár is fearr do dhaoine óga.

Bronnadh an gradam 'Bean óg ghnó na bliana' uirthi i 1997.

Bhain sí duais IFTA amach le 'Concerto do Chaitlín Maude' i 2005. Is iomaí gradam atá buaite ag cláir de chuid an chomhlachta ó shin.

Bhí sí ina comhléiritheoir ar an tsraith oideachais aitheanta Turas Teanga a craoladh ar RTÉ agus ar an tsraith drámaíochta Seacht.

In 2010 bhunaigh sí an nuachtán Gaelscéal, i bpáirt leis an Connacht Tribune.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Is le mór ómós a dhéanann foireann Ros na Rún cuimhne ar Mháire Ní Thuathail (2017). "I gcuimhne Máire Ní Thuathail". Dáta rochtana: 2020.
  2. Máire Ní Thuathail. "Máire Ní Thuathail: ‘Ros na Rún’ producer with creative vision" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-19.
  3. "NÍ THUATHAIL, Máire (1959–2016)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-09-19.
  4. "Máire Ní Thuathail, ceann feadhna ‘Ros na Rún’, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-09-19.
  5. "Máire Ní Thuathail tar éis bháis" (as ga) (2016-09-19).