Máire Nic Shiubhlaigh
Ban-aisteoir agus gníomhaí poblachtánach Éireannach ab ea Máire Nic Shiubhlaigh (8 Bealtaine 1883 – 9 Meán Fómhair 1958). Thosaigh sí ag aisteoireacht agus í fós ina déagóir; bhí páirt aici sa chéad dráma a tugadh i nGaeilge in Éirinn. Bhí sí ar bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach agus ise sa phríomhról mná ar oíche oscailte na hamharclainne sa bhliain 1904, mar atá in Cathleen Ni Houlihan, an dráma úd de chuid W. B. Yeats. Ní ba dhéanaí bhí sí ina ball d'fhoireann Amharclann na hÉireann, a chuidigh sí a chur ar bun.
Máire Nic Shiubhlaigh | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Mary Elizabeth Walker |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, 5 Bealtaine 1883 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Droichead Átha, 9 Meán Fómhair 1958 |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | aisteoir |
A luathshaolCuir in Eagar
Rugadh Nic Shiubhlaigh mar Mary Elizabeth Walker Sráid Charlemont, Baile Átha Cliath do theaghlach náisiúnaíoch a raibh an Ghaeilge acu mar theanga. B'as Contae Cheatharlach a hathair, Matthew, cé gurb as Contae Chill Chainnigh a mhuintir. Clódóir agus foilsitheoir eisean a bhí i gceannas ar an Gaelic Press. Gúnadóir as Baile Átha Cliath a bhí i máthair Mháire. D'fhás Máire aníos i 56 High Street sna Saoirsí in Áth Cliath[1][2]
Chuaigh sí le Conradh na Gaeilge thart ar 1898 mar ar tháinig sí i dteagmháil le Arthur Griffith agus William Rooney.[3] Le cabhair ó bheirt dhíograiseoirí an stáitse, William agus Frank Fay, d'éirigh sí páirteach i ngrúpa drámaíochta dar ainm Inghinidhe na hÉireann. Sa bhliain 1901, ghlac an grúpa páirt i bhfeis le dhá dhráma, Tobar Draoidheachta leis an Athair Ó Duinnín agus Red Hugh le Alice Milligan. Chuaigh aisteoireacht bhaill an ghrúpa amaitéireach i bhfeidhm ar bheirt a bhí i láthair, George Russell (AE) agus W.B. Yeats. Chuir Russell, a a bhí i ndiaidh a dhráma miotais Deirdre a thairiscint do na deartháireacha Fay, chuir sé ina luí ar Yeats a dhráma tírghrá eisean Cathleen Ni Houlihan a thairscint do na mná.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1901 Census returns
- ↑ "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (1962). Carloviana: Journal of the Carlow Historical Society 2 (11): 10, 11, 38, 39. Curtha i gcartlann 2012-05-08 ar an Wayback Machine
- ↑ McGuire, James (2009). "{{{title}}}" Volume III. Dublin: Royal Irish Academy-Cambridge University Press.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |