Tomhas ar ghile rinn spéire. Hioparcas a d'úsáid an téarma sa chiall seo den chéad uair i 120 RC, ag lua na réaltaí is gile don tsúil mar ‘mhéid 1’ agus na réaltaí is doiléire mar ‘mhéid 6’. I 1856 cuireadh bunús eolaíochta faoin gcóras seo. Is i seicheamh logartamach a leagtar amach na céimeanna méide. Is ionann an chéim ó mhéid 2 go méid 3, nó ó mhéid 3 go méid 4, le cóimheas gile 2.512. Comhfhreagraíonn an difríocht idir méid 1 is 6 do chóimheas gile 100. Ós scála logartamach é seo, is scála coibhneasta é agus níl aon nialas air. Tugtar méid dhealraitheach réalta ar ghile na réalta a thomhaistear ar Domhan, ach braitheann an tomhas sin ar fhad na réalta agus a bunlonrachas. Is áisiúla an dearbhmhéid, méid dhealraitheach, malartaithe nó ceartaithe, an luacha a bheadh aici dá mbeadh an réalta ag fad (treallach) caighdeánach 10 parsoic. Ní féidir airíonna réaltaí is réaltraí a chur i gcomparáid le chéile i gceart gan na dearbhmhéideanna a bheith i gceist.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Méid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 448.