Mícheál Ó Bréartúin

innealtóir agus scríbhneoir Éireannach

Rugadh Mícheál Ó Bréartúin i mBaile Átha Cliath i 1930, agus fuair sé bás sa bhliain 2011.[1] Chuaigh sé ar scoil sa Mhódhscoil Láir agus i gColáiste Mhuire. Rinne sé cúrsa innealtóireachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhí ina reachtaire ar an gCumann Gaelach ann.

Infotaula de personaMícheál Ó Bréartúin
Beathaisnéis
Breith1930
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2011
80/81 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ar bhunaitheoirí agus ar eagarthóirí POBAL agus ina eagarthóir ar Rogha an Phobail (Coiscéim, 1989). Chaith sé daichead bliain ag obair le Bord Soláthair an Leictreachais, go príomha ag gabháil de phleanáil an chórais traiseolta, agus chaith sé breis agus fiche bliain i mbun obair chomhairleoireachta i níos mó ná tríocha tír. Sa leabhar Gnótha Eachtracha (Coiscéim, 2000), rinne sé cur síos ar ghnéithe de shaol agus de chultúr na dtíortha inar oibrigh sé. “An leabhar taistil is fearr sa teanga.” (Coiscéim, Catalóg 1980-2004)

Tagairtí cuir in eagar