Mícheál Ó hAnnracháin
Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Mícheál Ó hAnnracháin (Béarla: Michael O'Hanrahan), 17 Márta, 1877 – 4 Bealtaine, 1916) a ghlac páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916.
Mícheál Ó hAnnracháin | |
Dáta breithe | 17 Márta, 1877 |
Áit bhreithe | Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman, Éire |
Dáta báis | 4 Bealtaine 1916 |
Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, Éire | |
Páirtí | Óglaigh na hÉireann Bráithreachas na Poblachta |
Gairm | Iriseoir, scríbhneoir |
CúlraCuir in Eagar
As Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman dó, bhunaigh Ó hAnnracháin craobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus scríobh sé na húrscéalta A Swordsman of the Brigade agus When the Norman Came. Chuaigh sé díreach isteach in Óglaigh na hÉireann gan mhoill nuair a bunaíodh iad sa bhliain 1913.
Éirí Amach na CáscaCuir in Eagar
Bhí Ó hAnnracháin ar an dara duine i gceannas ar 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas Thomáis Mhic Dhonnchadha. Bhí na réabhlóidithe bunaithe i monarcha bhriosca Jacob's, ach ní fhaca siad mórán aicsin i rith na seachtaine. Gabhadh Ó hAnnracháin, agus lámhachadh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine in éineacht leis na gceannairí. Bhí a dheartháir Anraí páirteach san éirí amach chomh maith, agus daoradh pianseirbhís air.
SaotharCuir in Eagar
- A Swordsman of the Brigade (1914).
- When the Norman Came (1918).
OidhreachtCuir in Eagar
Tá an stáisiún traenach i Loch Garman agus an droichead thar abhainn na Bearú i Ros Mhic Thriúin ainmnithe in ómós dó.
Éirí Amach na Cásca |
||
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile | ||
Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn | ||
Éireannaigh mór le rá eile |
||
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |