Sa mheicnic, maidir le réad atá ag rothlú, braitheann an chasmhóimint fórsaí is gá chun rothlú an réada a luasghéarú ar dháileadh mhais an réada timpeall ar a ais rothlaithe. Is í an chainníocht a chuimsíonn an dáileadh maise seo móimint na táimhe. Úsáidtear an tsiombail I chuici, agus tomhaistear í in aonaid kg m2. Más diosca aonfhoirmeach, de mhais m is de gha r, ag rothlú thart ar a lárphointe an réad atá i gceist, I = (mr2)/2. I gcás idéalach, dá mbeadh mais iomlán an diosca comhchruinnithe ar an imeall, I = mr2.[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilMóimint na táimhe
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Móimint na táimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 466.