Macdara Ó Fátharta

aisteoir Éireannach

Is aisteoir Éireannach é Macdara Ó Fátharta. Bhain sé cáil amach ina ról mar Thadhg Ó Direáin, an tábhairneoir bithiúnta ar Ros na Rún.

Infotaula de personaMacdara Ó Fátharta
Beathaisnéis
BreithInis Meáin Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileEileen Dunne Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0641000 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Is as Inis Meáin ó dhúchas dó. Rugadh agus tógadh é sa teach stairiúil a d’úsáid John Millington Synge agus Pádraig Mac Piarais go luath san fhichiú haois agus iad ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Tar éis dó scoil a fhágáil, chaith Ó Fátharta dhá bhliain i scoil aisteoireachta le hAmharclann na Mainistreach, ansin fiche bliain ina dhiaidh sin leis an Amharclann ó 1972 go 1996, áit ar ghlac sé páirt i ndrámaí le John B. Keane, Brian Friel, Tom Murphy, Shakespeare, Chekov, srl.[1]

In 1995, chuir Ó Fátharta an t-úrscéal Cré na Cille in oiriúint don stáitse, agus ina dhiaidh sin scríobh sé an script don leagan scannáin a tháinig amach in 2007. Bhí rólanna aige i níos mó ná deich sraith theilifíse, agus i scannáin ar nós Far and Away, The Blackwater Lightship, Song of Granite, agus an chéad scannán Gaeilge lánfhada riamh, Poitín.

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá sé pósta ar Eileen Dunne atá ina léitheoir nuachta ar RTÉ.

Tagairtí cuir in eagar