Maigh Eo (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 5 suíochán é Maigh Eo. Sa bhliain 2024, bhí vótóirí in oirdheisceart an chontae idir Conga agus Sruthair, a bhí i dtoghlach Ghaillimh Thiar go dtí 2020, fillte ar Mhaigh Eo don toghchán seo agus suíochán breise le líonadh dá bharr.
Maigh Eo | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1997 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is minic a chloistear Rose Conway-Walsh (SF), arb as ceantar Béal a’ Mhuirthead di agus Dara Calleary (FF), arb as Béal an Átha dhó, faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta.[1]
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
In Olltoghchán 2016, toghadh Enda Kenny (FG), Dara Calleary (FF), Lisa Chambers (FF), agus Michael Ring (FG)
Olltoghchán 2020
In Olltoghchán 2020, toghadh Michael Ring (FG), Dara Calleary (FF), Alan Dillon (FG) agus Rose Conway-Walsh (SF). Bhí Ring (FG) ó Chathair na Mart, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,796 vóta. Sa toghchán in 2020 bhí 40% den vóta ag Fine Gael.
Olltoghchán 2024
In Olltoghchán 2024, bhí seisear déag iarrthóirí ainmnithe, ina measc na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Rose Conway-Walsh (SF); an t-aire Stáit Dara Calleary (FF) agus an t-aire Stáit Alan Dillon (FG). Sheas Michael Ring (FG) siar, ach bhí FG sa tóir ar thrí shuíochán fós.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh Keira Keogh (FG) agus Paul Lawless (Aontú) agus atoghadh in 2024 Dara Calleary (FF), Alan Dillon (FG) agus Rose Conway-Walsh (SF).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |