Mary Cassatt
Péintéir agus déantóir priontaí Meiriceánach ab ea Mary Cassatt (22 Bealtaine 1844 – 14 Meitheamh 1926). Rugadh in Allegheny City, Pennsylvania, í.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Mary Stevenson Cassatt 22 Bealtaine 1844 Allegheny, Pennsylvania ![]() |
Bás | 14 Meitheamh 1926 82 bliana d'aois Le Mesnil-Théribus, An Fhrainc ![]() |
Áit adhlactha | Le Mesnil-Théribus ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Cassatt, Mary Stevenson ![]() |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pennsylvania Academy of the Fine Arts (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An Éigipt Páras An Róimh Maidrid Le Mesnil-Théribus Giverny Grasse Barbizon Philadelphia ![]() |
Gairm | péintéir, ealaíontóir grafach, déantóir priontaí, grianghrafadóir ![]() |
Seánra | Portráidiú, genre painting (en) ![]() |
Gluaiseacht | Impriseanachas |
Critical catalogue (en) ![]() | Cassatt, A Retrospective (en) ![]() Cassatt (en) ![]() ![]() |
Teangacha | An Béarla, an Fhraincis agus An Ghearmáinis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
17 Feabhra 1913 | Armory Show (en) ![]() ![]() |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh ![]() |
Athair | Robert S. Cassatt agus Katherine Kelso Cassatt |
Siblín | Alexander Cassatt agus Lydia Cassatt |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() |
SaolCuir in Eagar
Rugadh Cassatt in Allegheny City, bruachbhaile de chuid Pittsburgh anois. Bhí a muintir ina suí go te. Stocbhróicéir agus amhantraí talún a bhí ina hathair, Robert Simpson Cassat (Cassatt ní ba dhéanaí). Ba de shliocht duine darbh ainm Jacques Cossart í, Úgóineach ón bhFrainc a chuir faoi in Amstardam Nua i 1662. Baincéirí a bhí i muintir a máthar, Katherine Kelso Johnston, duine an-léannta a chuaigh i gcion go mór ar Mary.
Thug an teaghlach a aghaidh soir nuair a bhí Mary óg agus d'fhás sí aníos i Lancaster agus i gceantar Philadelphia. Chaith sí cúig bliana freisin san Eoraip, mar ar fhoghlaim sí Fraincis agus Gearmáinis.
Thosaigh Mary ag freastail ar ranganna Pennsylvania Academy of the Fine Arts i bhPhiladelphia in aois a 15 bliana ar neamhthoil a muintire. Sa bhliain 1866 chuir sí fúithi i bPáras.
Saol sa FhraincCuir in Eagar
Chaith Cassatt cuid mhaith dá saol sa Fhrainc. Chuaigh sí go mór faoi anáil Degas agus an Impriseanachais.
Sa bhliain 1894, rinne Gustave Geffroy cur síos uirthi mar dhuine de "les trois grandes dames" ("triúr bhan uasal") an Impriseanachais, in éineacht le Marie Bracquemond agus Berthe Morisot.[1]
Diaibéiteach ba ea í agus le forbairt finn ag cur as di, d’éirigh sí dall de réir a chéile, ó 1914 ar aghaidh.
Níor phós Cassatt riamh.
Cheannaigh Cassatt Château de Beaufresne san Oise, 90km ó Pháras, sa bhliain 1894. A teach samhraidh ba ea é. Ba sa mhainéar sin a fuair Cassatt bás ar 14 Meitheamh 1926.[2]
GailearaíCuir in Eagar
The Boating Party, ola ar chanbhás, 1893-94, National Gallery of Art, Washington, D.C.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Geffroy, Gustave (1894), "Histoire de l'Impressionnisme", La Vie artistique: 268.
- ↑ americangirlsartclubinparis (2018-08-02). "Help Save Mary Cassatt’s Chateau Beaufresne Outside Paris" (en). American Girls Art Club In Paris. . . and Beyond. Dáta rochtana: 2020-06-14.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |