Mary Elmes

oibrí cabhrach Éireannach

Ba bhean ghnó Éireannach agus oibrí cabhrach í Marie Elisabeth Jean Elmes (5 Bealtaine 19089 Márta 2002). Leagtar uirthi gur shábháil sí ar a laghad 200 leanbh Giúdach le linn an Uileloiscthe.  

Infotaula de personaMary Elmes
Beathaisnéis
Breith5 Bealtaine 1908
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Márta 2002
93 bliana d'aois
Perpignan, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCumann na gCarad
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon School of Economics
Scoil Ashton Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn tUileloscadh
Gairmduine den lucht gnó, daonnúlach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas
Síniú

Sa bhliain 2015, ba í an chéad agus an t-aon Éireannach amháin ar bhronn Stát Iosrael 'Fíréanta i measc na Náisiún' uirthi, mar aitheantas ar a cuid oibre le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn agus sa Dara Cogadh Domhanda.[1]

Sráid Winthorp i gCorcaigh. Bhí an chógaslann suite san áit ina bhfuil MacDonalds ann anois (4 Sráid Winthrop).[2]

Rugadh Elmes ar 5 Bealtaine 1908 i gCorcaigh, áit a raibh gnó poitigéara ag a hathair ar Shráid Winthrop (Edward Elmes agus a mátháir Elizabeth née Waters). Edward Elmes a bhí ar dtús ó Phort Láirge, agus bhog sé go dtí Corcaigh. D'fhás Waters suas i gCorcaigh. Bhí deartháir amháin aici, John, a bhí ina dhiaidh i gceannas gnó an teaghlaigh.

D'fhreastail Elmes ar Scoil Rochelle i gCorcaigh. Ansin i 1928 chláraigh sí le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fuair sí céim amach le chéadonóracha sa Nua-Litríocht (Fraincis agus Spáinnis) agus bronnadh bonn óir uirthi in 1931.

Sa bhliain 1935, mar gheall ar a cuid éachtaí acadúla, bronnadh scoláireacht ar Elmes chun staidéar a dhéanamh ag an London School of Economics. Fuair sí teastas i Staidéir Idirnáisiúnta chomh maith le scoláireacht chun leanúint ar aghaidh lena cuid oideachais sa Ghinéiv, an Eilvéis.

Cogadh Cathartha na Spáinne

cuir in eagar

Spreag seo a suim sa bpolaitíocht agus thug uirthi dul chun na Spáinne le cabhrú leo sin a bhí gafa leis an gCogadh fuilteach Cathartha ansin.[3] I mí Feabhra 1937,chuaigh Elmes go dtí an Spáinn, ag obair in ospidéal na leanaí in Almeria. Chaith sí tréimhse ghearr ann agus ansin chuaigh sí go dtí Alicante, áit a raibh sí i mbun ospidéil ann.[4] Le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn, thug Mary leanaí go leor slán ó bhuamaí a bhí á scaoileadh as eitleáin de chuid na Gearmáine agus na hIodáile.[5]

 
Campa géibhinn Rivesaltes

Dara Cogadh Domhanda

cuir in eagar

Nuair a rinne arm buacach Franco géarleanúint ar an taobh Poblachtach, chuaigh Mary Elmes á dtionlacan ar deoraíocht trasna na teorann go campa géibhinn Rivesaltes in aice le Perpignan na Fraince. Ar an drochuair nuair a ghabh na Gearmánaigh an taobh sin sa Dara Cogadh Domhanda, b’as an gcampa seo a thosaigh siad ag seoladh príosúnach soir go dtí na campaí marfacha inar cuireadh na céadta míle duine chun báis. Shaothraigh Mary Elmes go dícheallach ag iarraidh páistí Giúdacha a tharrtháil ón gcinniúint sin agus rinne sí éachtaí ar a son. I measc eachtraí eile, choinnigh sí páistí i bhfolach i i mbúit a gluaisteáin féin.

 
Fresnes

I mí Eanáir (nó Feabhra) 1943, gabhadh Elmes ar amhras gur chuidigh sí le héalú na nGiúdach agus cuireadh i bpríosún í. Ina dhiaidh sin, aistríodh í go príosún míchlúiteach Fresnes, a reáchtáil an Gestapo in aice le Páras, áit ar chaith sí sé mhí.

Phós sí feirmeoir, Roger Danjou agus shocraigh sí síos i bPerpignan. Bhí beirt chlainne aici, Caroline in 1946 agus Patrick in 1948.[6][7]

  • Tar éis an chogaidh, bronnadh an Léigiún Onóra ar Elmes (Fraincis: Légion d’honneur), an duais shibhialta is airde sa Fhrainc ag an am, ar dhiúltaigh sí glacadh léi ar bhonn nach raibh sí ag lorg aird nár mhian léi a bheith uirthi.
  • Ar an 23 Eanáir 2013, 11 bliain i ndiaidh a báis, bhí sí aitheanta tar éis a bháis ag Yad Vashem mar 'Fíréanta i measc na Náisiún'. A clann agus a garpháistí a bhfuair an dámhachtain thar a ceann.
  • Ar 30 Meán fómhair, 2016, bronnadh Gradam Trish Murphy uirthi ag an 'Network Ireland Business Woman of the Year Awards' i gCorcaigh. Ghlac a nia Mark Elmes leis.
  • Ar an 25 Feabhra 2019 d’fhógair Comhairle Cathrach Chorcaí go n-ainmneofaí droichead nua do choisithe a nascann Cé Phádraig le Cé na gCeannaithe i ndiaidh Mary Elmes. Osclaíodh don phobal é ar an 9 Iúil 2019.

Ainmnítear Duais Mary Elmes i Staidéar an Uileloiscthe, arna dháileadh ag Holocaust Education Trust Ireland i ndiaidh Elmes.

 
Is í an t-aon Éireannach ar bronnadh an gradam aitheanta daonnachtúil “Fíréan i measc na Náisiún” as a saothar.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Scannán TG4ː It Tolls for Thee. Scéal faoi chomhcheilg agus faoi mhisneach, ní hamháin go raibh Mary Elmes i gceartlár cogadh amháin sa fichiú haois ach bhí sí i gceartlár péire. "Scéal é seo faoin maith ag fáil an cheann is fearr ar an olc."
  • Scannán TG4ː Mary Elmes - Gairm chun Gnímh.
  1. "The Righteous Among The Nations". The Righteous Among The Nations. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  2. Irish Examiner (2014-07-03). "Sale of property" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  3. TG4 (2017). "Clár 2017". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Mary Elmes 1908 – 2002" (fr-FR). Toulouse Quakers Weblog (2012-04-28). Dáta rochtana: 2020-11-04.
  5. "Song of Granite ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2017" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2020-11-04.
  6. corkcitylibraries.ie. "I got things done". Dáta rochtana: 2020.
  7. 17 M.F. 2016 (2016-09-17). "Meet Mary Elmes: The Irish woman who saved children from the horror of WWII concentration camps" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-11-04.