Mary Jane O’Donovan Rossa

File agus Poblachtánach as Contae Chorcaí ba ea Mary Jane O’Donovan Rossa (27 Eanáir 1845 - 18 Lúnasa 1916) agus an tríú bean chéile a bhí ag an tírghráthóir Jeremiah O’Donovan Rossa.[1]

Infotaula de personaMary Jane O’Donovan Rossa

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Eanáir 1845
Contae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Lúnasa 1916
71 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaíontóirí gaolmharaDiarmaid Ó Donnabháin Rossa Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDiarmaid Ó Donnabháin Rossa Cuir in eagar ar Wikidata

Irwin an sloinne a bhí uirthi sular phós sí. Bhí sí sí mar chrann taca ag a fear céile agus ag seasamh lena taobh ach ba mhinic í ag seasamh chun tosaigh air agus a hiomaire féin á treabhadh go cumasach, cliste, cróga aici.[1] Í chomh tógtha leis an bPoblachtánachas is a bhí sé féin, í níos stuama agus níos géarchúisí ná é go deimhin.

Phós sé Mary Jane Irwin ar an 22 Lúnasa 1864 (19 bliain d'aois ag an am) agus bhí 13 clainne orthu. In 1865 (20 bliain d'aois ag an am), fágadh í mar bhaintreach phríosúin agus bhí uirthi a crústa féin a thuilleamh, ag tabhairt óráidí, ag aithris filíochta, ag scríobh litreacha agus ag bailiú tacaíochta do chás na hÉireann agus na bpríosúnach.[1]

Chuaigh sí go dtí na Stáit Aontaithe timpeall 1869, Í ag imeacht chomh fada ó bhaile le Omaha Nebraska agus Toronto Cheanada. Airgead á thuilleamh aici agus cáil á baint amach aici; rud fíoreisceachtúil i sochaí na linne. Nuair a saoradh Jeremiah in 1871, chuaigh sé ar deoraíocht chuig Meiriceá. Bhuail an dúlagar é agus thit sé leis an ól, sí Mary Jane a chur ar a chosa arís é.

In 1915, bhí sí lárnach sa chinneadh O'Donovan Rossa a chur i reilig Ghlas Naíon; ócáid chinniúnach i stair na hÉireann. D’éag sí féin bliain ina dhiaidh sin i Nua Eabhrac. Ní raibh aon mhórchuntas sna meáin ag an am scríofa fúithi, í ligthe i ndearmad agus í curtha i Meiriceá.[1]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Clár Rebel Wife (RTÉ1, 2024)
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Breandán M Mac Gearailt (5 Lúnasa 2024). "Aitheantas do chrann taca O’Donovan Rossa, bean a fágadh ar lár sa stair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-05.