Masters agus Johnson
Taighdeoirí is scríbhneoirí ar an ngnéasacht dhaonna. Bhunaigh William Howell Masters (1915-2001) agus Virginia Eshelman Johnson (1925-2013) an Fhondúireacht Taighde ar Bhitheolaíocht Atáirgthe i 1964, agus rinneadar taighde ar chomhriachtain le deonaigh faoi chúinsí rialaithe saotharlainne. Leabhar móréilimh ab ea Human Sexual Response (Freagairt Ghnéasach Dhaonna, 1966) inar chuir siad síos ar thorthaí a gcuid taighde.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Masters agus Johnson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 440.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |