Matteo Ricci

sagart Iodálach (1552–1610)

Ba shagart Íosánach Iodálach é Matteo Ricci,(Laidin: Mattheus Riccius Maceratensis; 6 Deireadh Fómhair 1552 go dtí 11 Bealtaine, 1610). Bhí Ricci ar cheann na sagart a bhunaigh misin na nÍosánach sa tSín.

Infotaula de personaMatteo Ricci

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1552
Macerata (Stáit an Phápa)
Bás11 Bealtaine 1610
57 bliana d'aois
Béising (ríshliocht Ming)
Áit adhlacthaReilig Zhalan Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sapienza na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, preispitéir, matamaiticeoir, misinéir, cartagrafaí, aistritheoir, sinologist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaRíshliocht Ming
TeangachaAn Laidin, An Fhilipínis, an Iodáilis agus An tSínis
Ord crábhaidhCumann Íosa
Ardú
Lá féile11 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Find a Grave: 32764715 Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Ricci léarscáil den domhan, an Kūnyú Wànguó Quántú (坤輿萬國全圖) i gcarachtair Sínise.

San Eaglais Chaitliceach Rómhánach i láthair na huaire, meastar Ricci ina "Shearbhónta Dé", chun naomh a dhéanamh de.

Ricci sa tSín cuir in eagar

 
Slí Mhatteo Ricci ó Mhacao go Beijing
 
Uaigh Ricci (利窦窦墓墓) i Reilig Zhalané i mBéising (inniu Beijing Administrative College, in Xicheng)

Bhain Ricci an lonnaíocht Phortaingéalach Macau amach sa bhliain 1582. Thosaigh sé a chuid oibre misinéireachta sa tSín sa bhaile seo.

Fuair Ricci cuireadh ón Impire Wàn Lì dul ar cuairt. Ba é an chéad Eorpach chun dul isteach sa Chathair Thoirmiscthe i gcathair Bhéising, sa bhliain 1601. Bhí an tImpire ag lorg eolais uaidh, maidir le réalteolaíocht agus astralaíocht.

 
Luath-léiriú den 17ú haois de Ricci gléasta i bhfallaing na Síne.

Bhí Ricci ag iarraidh muintir na háite a thabhairt chun na Críostaíochta. D'iompaigh Ricci roinnt oifigeach de chuid na Síne, Xú Guāngqǐ an ceann is tábhachtaí díobh. Thug an fear seo lámh do Ricci chun an Stoicheia (leabhar a scríobh an matamaiticeoir Gréagach Eoiclídéas) a aistriú go Sínis. Agus d'aistrigh Ricci agus Xú Guāngqǐ téacsanna clasaiceacha Confúiceach go Laidin don chéad uair.

 
Léarscáil de Oirthear na hÁise ag Matteo Ricci sa bhliain 1602.

Tús a Shaoil cuir in eagar

Rugadh Ricci ar 6 Deireadh Fómhair, 1552, i Macerata, a bhí ansin mar chuid de Stáit an Phápa, agus sa lá atá inniu ann, ina chathair i réigiún Mharche na hIodáile. Thug sé faoin léann clasaiceach ina bhaile dúchais agus rinne sé staidéar ar an dlí sa Róimh ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Chuaigh sé isteach sa Chumann Íosa i mí Aibreáin 1571 ag an gColáiste Rómhánach. Nuair a bhí sé ansin, chomh maith le fealsúnacht agus diagacht, rinne sé staidéar ar an mhatamaitic agus an réalteolaíocht faoi threoir an Athar Christopher Clavius. sa bhliain 1577, chuir sé isteach ar thuras taiscéalaíochta misinéara chuig an Cianoirthear.

Chroch sé a sheolta i Liospóin, an Phortaingéil i Márta 1578 agus shroich sé Goa, coilíneacht Phortaingéilis, i Meán Fómhair. D'fhan Ricci ansin ag teagasc agus san mhinistreacht go dtí deireadh an Charghais, 1582, nuair glaodh air dul chuig Macau le bheith ullamh chun dul isteach sa tSín. Bhain Ricci Macau amach i dtús mhí Lúnasa.

Ricci sa tSín cuir in eagar

Bás cuir in eagar

D'éag Ricci ar 11 Bealtaine 1610, i mBéising, 57 bliain d'aois. Bhí sé curtha i dteampall Búdaíoch ann, pribhléid neamhghnách.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

  • Dehergne, Joseph, S. J. (1973). Repertoire des Jésuites de Chine de 1552 à 1800. Róimh: Institutum Historicum I. r. OCLC 462805295
  • Hsia, R. Po-chia. (2007). "An Misean Caitliceach agus aistriúcháin sa Tsín, 1583-1700" i Aistriúcháin Cultúrtha i go Luath nua-Aimseartha na Heorpa (Peter Burke agus R. Po-chia Hsia, eag.). Cambridge: Cambridge University Press. ISBN 97805218620809780521862080 ISBN 05218620860521862086; OCLC 76935903
  • Spence, Jonathan D.. (1984). An Palace Cuimhne de Matteo Ricci. Nua-Eabhrac: Viking. ISBN 97806704683009780670468300; OCLC 230623792
  • Vito Avarello, L 'oeuvre italienne de Matteo Ricci : anatomie d' une rencontre chinoise, Páras, Classiques Garnier, 2014, 738p. (ISBN 978-2-8124-3107-4978-2-8124-3107-4)

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar

  • Cronin, Vincent. (1955). An Fear Ciallmhar as an taobh Thiar: Matteo Ricci agus a Misean go dtí an Tsín. (1955). OCLC 664953 N. B.: Áisiúil paperback atheisiúint ar an staidéar a foilsíodh i 1984 ag Fount Paperbacks, ISBN 0-00-626749-10-00-626749-1.
  • Gernet, Jacques. (1981). An tsín agus an Críostaí Tionchar: coimhlint de chultúir. Cambridge: Cambridge University Press. ISBN 05213131980521313198 ISBN 97805213131939780521313193; OCLC 21173711
  • George L. Harris, "An Misean atá ag Matteo Ricci, S. J.: Cás-Staidéar ar an Iarracht ag Treoraithe Cultúr Athrú sa Tsín i An séú Haois Déag", i Monumenta Serica, Vol. XXV, 1966 (168 lgh.).
  • Simon Mbánta, Madness ar an Ciallmhar : Ricci sa Tsín, earra ó a chuid leabhar, a Dhó Foraoise (1983). Is suimiúil an cuntas, agus tá athbhreithniú criticiúil ar An Palace Cuimhne ag Jonathan D. Spence.
  • Mao Weizhun, " Eorpach tionchair ar Sínis daonnúla cleachtais.A staidéar fadaimseartha "[nasc briste go buan] i : Emulations - Iris de scoláirí óga sna Heolaíochtaí Sóisialta, n°7 (meitheamh 2010).
  • Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". World Digital Library. An leabhar seo, a mhíníonn Matteo Ricci ar léarscáil an domhain de 1574.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar