Max Planck
Fisicí Gearmánach ab ea Max Karl Ernst Ludwig Planck (23 Aibreán 1858 - 4 Deireadh Fómhair 1947). Chítear mar bhunaitheoir na meicnice chandamaí é, agus mar sin, ba dhuine de na fisicithe ba thábhachtaí den fhichiú aois é.
SaolCuir in Eagar
Rugadh Planck i gKiel na Gearrnáine. Óna staidéar ar theirmidinimic is radaíocht dúchoirp bhunaigh sé an teoiric chandamach i 1900, céim fhíorthábhachtach chun tosaigh san eolaíocht, agus céim an-mhór ar aghaidh in eolaíocht an 20ú aois[1].
Bhuaigh Planck Duais Nobel sa bhfisic i 1918.
CandamCuir in Eagar
B'é Planck a chéadchuimhnigh ar Theoiric an Chandaim. ba ea an teoiric sin. Is é seo prionsabal bunaidh na teoirice seo: ní mar athróg leanúnach a astaítear fuinneamh ach ina aonaid scoite nó ina bhearta. 'Candaim' a thugtar ar na bearta seo.
Shaothraigh Niels Bohr is Albert Einstein teoiricí tábhachtacha eile a díorthaíodh ón mbunsmaoineamh seo.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |