Miúil (gléas)
I dteicstílí, is crann sníomhacháin í miúil (nó miúil sníofa[1]) a cheap Samuel Crompton i 1779, a rinne an próiseas sníofa, a bhíodh lámhdhéanta, iomlán meicniúil. Breathnaíodh uirthi mar hibrid de dhá threalamh eile, agus ar an ábhar sin a tugadh an t-ainm seo uirthi. D'úsáidtí ar chadás í ar dtús, ach oiriúnaíodh í do mheiríonó is snáithíní eile níos déanaí. Próiseas uaineach ab ea í, agus tháinig trealaimh le próisis leanúnacha ina hionad.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): miúil sníofa” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Miúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |