Modal toirte
Is éard atá i gceist le modal toirte[1] ná míneas chóimheas an athrú brú a fheidhmítear ar bhloc ábhair ar leith don athrú codánach iarmharach i dtoirt an bhloic. Úsáidtear an tsiombail K don mhodal seo, agus tomhaistear in aonaid Pa (pascal) é. Tugtar an modal comhbhrúite air freisin. Is tairiseach é d'ábhar ar leith. Mar shampla, maidir le gloine, K = 0.37 × 1011 Pa. De réir mar a mhéadaíonn K, is deacra an t-ábhar a chomhbhrú agus is doichte é i gcomhbhrú. Sainmhínítear inchomhbhrúiteacht ábhair mar 1/K.[2]
Foirmle |
---|
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): modal toirte” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Modal toirte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |