Molscéal
Aip, suíomh idirlín, agus ardán ar na meáin shóisialta is ea Molscéal atá dírithe ar phobal na Gaeilge. Bíonn físeáin á gcur amach air atá "bunaithe ar an bpobal, scéalta siamsaíochta, ábhar nuachta, cartlainne agus spóirt".[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | físeán ar éileamh léiriú teilifíse foireann eagarthóireachta seirbhís sruthaithe aip shoghluaiste |
Rialachas corparáideach | |
Máthaireagraíocht | TG4 |
Suíomh gréasáin | https://molsceal.ie/ |
Is í Deirdre Ní Choistín a chuir tús leis in 2017[2] agus sheol TG4 é ag Oireachtas na bliana 2018.[1] Tá sé dírithe ar dhaoine "a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha acu".[3]
Comhoibriú
cuir in eagarCuireann Molscéal fáilte roimh 'scéalaithe físe' atá ag iarraidh ábhair a chruthú agus a fhoilsiú leo "a thugann léargas ar ócáid nó ar imeacht pobail" nó "a léiríonn gné ar leith den saol Gaelach nó den saol Gaeltachta". Tá ceardlanna curtha ar siúl dóibh ag Molscéal roimhe seo san iriseoireacht mhóibíleach, agus cuirtear na físeáin amach ar chainéal YouTube TG4.[3]
Tá "comhar páirtnéireachta curtha ar bun ag TG4 le NuachtTG4, Tuairisc.ie agus MeonEile.ie chun ábhar a chur ar fáil agus sruthchraoladh beo a dhéanamh ar imeachtaí éagsúla" le Molscéal.[1]
Glacadh
cuir in eagarChruthaigh Molscéal "go maith leis an lucht féachana agus sháraigh siad spriocanna na bliana tosaigh"[1] agus faoi dheireadh 2022 bhí os cionn 2.6 mhilliún babhta féachana faighte ag físeáin an ardáin.[4]
Bronnadh Gradam Cumarsáide an Oireachtais ar Molscéal in 2022 as ucht chur i láthair a rinne siad ar imeachtaí Chomórtas Peile na Gaeltachta.[4]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 TG4 (2018). "Tuarascáil Bhliantúil 2018". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Deireadh Fómhair 2022.
- ↑ "Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair". Tuairisc.ie (18 Deireadh Fómhair 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Deireadh Fómhair 2022. Dáta rochtana: 17 Bealtaine 2024.
- ↑ 3.0 3.1 "‘Scéalaithe Físe’ á lorg ag TG4". NÓS (20 Feabhra 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2018.
- ↑ 4.0 4.1 TG4 (2022). "Tuarascáil Bhliantúil 2022". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 05 Bealtaine 2024.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |