Muireadhach mac Eochadha

Rí Uladh
(Athsheolta ó Muiredach mac Eochada)

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Muireadhach mac Eochadha (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Eochada) (bás 839). Eochaid mac Fiachnai (bás 810), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 825 go dtí 839.

Infotaula de personaMuireadhach mac Eochadha
Beathaisnéis
Bás839
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMadadán mac Muireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaidh mac Fiachna

Bhí a athair clóite i mbun chatha ag a deartháir féin Caireall mac Fiachna (bás 819) sa bhliain 809, agus fuair sé bás an bhliain dár gcionn. D'éirigh Caireall ina rí na nUlad ansin. Sa bhliain 819, bhain Muireadhach díoltas amach as cliste a athar, nuair a chloígh agus mharaigh sé Caireall i rith coimheascair. Rinneadh rí Dhál Fhiatach de dá bharr, ach ní rí Ulad, ach Maoil Bhreasail mac Ailealla (bás 825) Uí Eachach Chobha ina ionad. D'éirigh sé i ndeireadh na dála rí Ulad sa bhliain 825.[3]

Bhí ruathair Lochlannacha tar éis tosaithe cheana ar Éirinn, ar na hUlaid ach go háirithe. Rinneadh ionsaí ar mhainistir Bheannchair was sna blianta 823 agus 824. Sa bhliain 825, rinne na Lochlannaigh creach ar mhainistir ríoga Dhál Fhiatach ag Dún Leathghlaise (Dún Pádraig) agus dhóigh siad mainistir Magh mBili (Moville), Contae an Dúin.[4][5] Ní raibh na hUlaid in ann ná Lochlannaigh a chloí an bhliain úd ag Magh Inis (Leath Cathail).[6][7] Sa bhliain 833, bhí ruathar ar Loch Bricleann i gcríocha Uí Eachach Chobha sa bhliain 833.[8]

Sa bhliain 827, tharla achrann i bpríomheaglais Ard Mhacha, agus cogadh mar thoradh. Cuir Cumascach mac Cathail of the Uí Chriomthainn, rí Oiriall, an ruaig ar athair faoistine rí Ailigh, Eoghan Mainistreach, as Ard Mhacha, agus chuir sé a leasdeartháir, Airtrí mac Conchúir, mar abb Ard Mhacha ina ionad.[9] Chuaigh rí Ailigh, Niall Caille (bás 846) Uí Néill an Tuaiscirt, i gceannas slua mhóir ar Ard Mhacha. Thug Muireadhach a thacaíocht do Chumascach agus tharla Cath Leth Cam, gar den Chill Mhór, Contae Ard Mhacha.[10] Bhí bua cinniúnach ag Niall, áfach. Maraíodh Cumascach agus a dheartháir, Conghalach, cé gur tháinig Muireadhach slán. Mar thoradh an chliste, briseadh cumhacht na nOiriall, a bhíodh as sin amach faoi smacht Uí Néill an Tuaiscirt.[11] Cuireadh Airtrí as Ard Mhacha agus insealbhaíodh Eoghan Mainistreach arís.

Lean le naimhdeas in éadan mhuintir Uí Néill, áfach, agus mharaigh na hUlaid Cináed mac Néill Chaille sa bhliain 835.[12] Sa bhliain 839, maraíodh Muireadhach ag a ghaol féin (ainmnithe mar Aodh agus Aonghas, a dheartháireacha).[13][14] Glaoitear 'rí Cúige Conchúir' (Coicidh Conchobuir) airt ina thásc. Tháinig a mac Madadán (bás 857) i gcomharbacht air. Phós a iníon, Gormalaith Rapach ("rábach")le hAodh Fionnliath (bás 879), Ardrí Éireann.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, Aguisín XI
  3. Ní thugtar ach réimeas dhá bhliain sna ríliostaí do Mhaol Bhreasail, ach seacht mbliana déag dó Muireadhach
  4. Annála Uladh, AU 825.9, 825.10
  5. Charles-Edwards, lch. 589
  6. AU 825.11
  7. Charles-Edwards, lch. 589
  8. AU 833.12
  9. AU 827.2
  10. AU 827.4
  11. Byrne, lch. 125
  12. AU 835.2
  13. AU 839.4
  14. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 838.8