Madadán mac Muireadhaigh

Rí Uladh
(Athsheolta ó Matudán mac Muiredaig)

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Madadán mac Muireadhaigh (Sean-Ghaeilge Matudán mac Muiredaig) (bás 857). Muiredach mac Eochada (bás 839), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 839 go dtí 857.

Infotaula de personaMadadán mac Muireadhaigh
Beathaisnéis
Bás857
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuireadhach mac Eochadha

Bhí a athair maraithe ag Aodh, a dheartháir féin. Mharaigh Madadán a uncail, ámh, agus d'éirigh ina rí.[2]

Bhí na Lochlannaigh ar Loch nEathach sa bhliain 839 agus d'fhanadar ann i rith an gheimhridh 840-841.[3][4][5] Sa bhliain 852, troideadh cath cabhlach dearg idir na Lochlannaigh agus daoine nua, na Dúghaill, i Loch Cairlinn, ach chloígh go holc na Lochlannaigh. B'fhéidir gur thug Madadán tacaíocht tíre dosna Lochlannaigh sa chath úd.[6][7][8]

Sa bhliain 851, bhí coinne ag Madadán leis an Ardrí Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí (bás 863) Uí Néill an Deiscirt i nArd Mhacha. Os comhair cléirigh Ard Mhacha agus na Mí, d'aithin Madadán go hoifigiúil údarás an Ardrí.[9][10] Mar thoradh seo, rinne Aodh Fionnliath, rí Ailigh ruathar sa bhliain 855. Theip ar an ruathar áfach, agaid agus d'fhág sé muintir maraithe ina dhiaidh.[11][12] Bhí Aodh Fionnliath pósta le deirfiúr Madadáin, Gormlaith Rapach ("rábach").

Tá taifead sna hannála gurbh fhéidir é go raibh leath- ann, Cathmhal mac Tomaltaigh as Leath Cathail, cé nach bhfeictear é sna ríliostaí. Maraíodh Cathmhal an na Lochlannaigh sa bhliain 853.[13]

Fuair Madadán bás sa bhliain 857. Dar leis na hAnnála Easpacha, ghabh sé ord beannaithe roimh a bhás. Ní dhearnadh ríthe Ulad dá mhuintir (na duine ar bith), a shíolraigh óna uncail, Aodh.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 6
  2. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 838.9
  3. Annála Uladh, AU 839.7, 841.1
  4. Ó Corráin
  5. Charles-Edwards, lch. 590
  6. Annála Easpacha na hÉireann, AE 235
  7. AU 852.3
  8. Ó Corráin, lch. 93
  9. Byrne, lch. 263
  10. Ó Corráin, lch. 99
  11. AU 855.3
  12. Ó Corráin, lch. 100
  13. AU 853.6