Muireitleán
Eitleán atá in ann éirí san aer ó dhromchla na mara agus tuirlingt anuas air is ea muireitleán, le cabhail nó snámháin ar chruth oiriúnach.[1]
Cineál | eitleán agus aerárthach uisce |
---|---|
Fearas tuirlingthe | water-capable undercarriage (en) |
Cumraíocht sciatháin | sciathán dobhogtha |
Is slí thaistil éasca é uaireanta.[2]
Stair
cuir in eagarSaothraíodh a leithéid den chéad uair sna Stáit Aontaithe chun feidhm a bhaint as an bhfarraige mar rúidbhealach.
Dhear Reginald Joseph Mitchell agus Claude Dornier muireitleáin sna 1920idí.
Bhaintí úsáid as muireitleáin mhóra, báid eitilte, chun paisinéirí is lastas a iompar trasna an Aigéin Chiúin is an Aigéin Atlantaigh sna 1930idí.
Muireitleáin in Éirinn
cuir in eagarBhíodh cuan dóibh in inbhear na Sionainne i bhFaing, Contae Luimnigh nó áit tuirlingthe muireitleán.[3] Bhí ról lárnach ag Foynes maidir le heitiltí paisinéirí trasatlantacha tráchtála a bhunú.[4]
Cuireadh tús leis an gcéad seirbhís trasatlantach sa bhliain 1939. Ar 28 Meitheamh 1939, thuirling Eitilt 607A "Yankee Clipper" de chuid Pan American i bport na mbád eitilte i bhFaing, Contae Luimnigh.
Rinne siad seirbhís sa dara cogadh domhanda i ndualgais tarrthála agus i gcoinne fomhuireán.[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ folaíonn an focal "long" muireitleán an fad a bhíonn sé i dteangmháil leis an uisce. Uimhir 22 / 1959: MARITIME JURISDICTION ACT, 1959
- ↑ "I mBád Aeir Chuig Sceir Mhór na hAstráile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-28.
- ↑ ""áit tuirlingthe muireitleán"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-28.
- ↑ "Learn the History of North Atlantic Aviation at Foynes Flying Boat Museum" (en-US). Foynes Flying Boat & Maritime Museum. Dáta rochtana: 2020-06-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Muireitleán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 472.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin eitlíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |