Teachtaire ceimiceach a thálann néarchealla is a iompraíonn imshruthú na fola chuig na cealla targaide, mar a gcuireann sé a fheidhm i ngníomh. Mar shampla, tálann an néaraihipifis (bailiúchán néaraitheirminéal) sa bhfaireog phiotútach dhá cheann: an hormón antafhualach a chuireann asú uisce sna duáin ar aghaidh, agus ocsatóicin a chabhraíonn chun an bainne a chur amach as na cíocha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Néarahormón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 480.