Néaraifhiseolaíocht
Is éard is néaraifhiseolaíocht[1] ann ná staidéar ar fheidhmiú an néarchórais in ainmhithe. I measc bealaí na néarafiseolaithe tá baint nó scrios néarfhíochán, spreagadh leictreach néarcheall is/nó taifeadadh na ríge ó nearchill (cosúil leis na fótaghabhdóirí sa reitine nó acsón na scuide) nó grúpa néarcheall (cosúil leis na gainglíní bunata is an mhótarchoirtéis in inchinní mamacha) le leictreoidí. Tagann teicníochtaí ó dhisciplíní eile in úsáid freisin, cosúil le tomagrafaíocht ríomhchuidithe, uathradagrafaíocht, histeafluairiseacht is eile.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““néaraifhiseolaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Néarfiseolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |