Néarfiseolaíocht

Staidéar ar fheidhmiú an néarchórais in ainmhithe. I measc bealaí na néarafiseolaithe tá baint nó scrios néarfhíochán, spreagadh leictreach néarcheall is/nó taifeadadh na ríge ó nearchill (cosúil leis na fótaghabhdóirí sa reitine nó acsón na scuide) nó grúpa néarcheall (cosúil leis na gainglíní bunata is an mhótarchoirtéis in inchinní mamacha) le leictreoidí. Tagann teicníochtaí ó dhisciplíní eile in úsáid freisin, cosúil le tomagrafaíocht ríomhchuidithe, uathradagrafaíocht, histeafluairiseacht is eile.