Nóinín mór
Planda ilbhliantúil a dhéanann tortáin is ea an nóinín mór.[1] Fásann sé suas le 1 m ar airde. Dúchasach don Eoraip. Na duilleoga íochtaracha i bhfoirm spúnóige le himill fhiaclacha, cinn na mbláthanna suas le 5 cm ar leithead, na gais fada aonarach. Spréann na bláthóga seachtracha bána amach, agus bíonn bláthóga an diosca inmheánaigh buí. Saothraítear go forleathan mar mhaisiúchán don ghairdín agus i gcomhair a ngearrtha iad. Bhíodh siad in úsáid mar luibh leighis.[2]
Leucanthemum vulgare | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | planda inite |
Planda | |
Dath na mbláthanna | bán |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Géineas | Leucanthemum |
Speiceas | Leucanthemum vulgare Lam., 1779 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Leucanthemum vulgare” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nóinín mór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 487.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |