Himiléithe

sliabhraon i Lár na hÁise
(Athsheolta ó Na Himiléithe)

Sliabhraon is ea na Himiléithe, atá suite idir fo-ilchríoch na hIndia agus ardchlár na Tibéide. Tá na sléibhte is airde ar domhan le fáil sna Himiléithe, ina measc Sliabh Everest agus K2. Tá deich sliabh sa sliabhraon i measc na 14 is airde ar domhan.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachHimiléithe
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCrios Ailpíd
Larger Himalaya (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnAn Áise Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 29°N 84°E / 29°N 84°E / 29; 84
Tréithe
Airde os cionn na farraige8,848.86 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí250 (leithead) × 2,400 (fad) km
Pointe is airdeSliabh Everest Cuir in eagar ar Wikidata  (8,848.86 m Cuir in eagar ar Wikidata)
TrasnaíonnNeipeal, Maenmar, Daon-Phoblacht na Síne, an Phacastáin, an India, an Afganastáin agus an Bhútáin Cuir in eagar ar Wikidata
Achar600,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Tréimhsí stairiúlaEoicéineach Cuir in eagar ar Wikidata
Mainistir Taktshang sa Bhútáin sna Himiléithe

Tosaíonn cuid de na haibhneacha is mó ar domhan, an Ganges, Indus, Brahmaputra, Yangtze, Mekong, Salween, Abhainn Rua, Xunjiang, Chao Phraya, Irrawaddy, Amu Darya, Syr Darya, Tarim agus Huang He, sna Himiléithe. Tá cónaí ar 3 billiúin duine i dtíortha éagsúla san abhantrach draenála (beagnach leath de mhuintir an domhain): an Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, Daon-Phoblacht na Síne, an India, Neipeal, Burma, an Chambóid, Táidsíceastáin, Úisbéiceastáin, an Tuircméanastáin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Téalainn, Laos, Vítneam, an Mhalaeisia agus an Phacastáin.

Bhí an-tionchar ag na Himiléithe ar chultúir Dheisceart na hÁise: is áiteanna naofa iad cuid de na sléibhte dar leis an mBúdachas, Hiondúchas, agus Saíceachas.