Nathair neamhurchóideach atá dúchasach don Seandomhan, ón Eoraip go dtí oirdheisceart na hÁise, agus Meiriceá Thuaidh. Maireann sí gar d'uisce, snámhann go maith, itheann froganna den chuid is mó. Sceitheann an fhaireog thimpireach ábhar le boladh bréan nuair a thagann scaoll uirthi. Tugtar nathair uisce uirthi i Meiriceá.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Nathair talún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 478.