Nell McCafferty
Scríbhneoir, feimineach, agus gníomhaí ar son chearta an duine as Doire ba ea Nell McCafferty (28 Márta 1944 – 21 Lúnasa 2024).[1] Chomh maith le cás na mban, tharraing McCafferty aird ina cuid scríbhinní ar an leatrom a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh agus ar dhaoine bochta in Éirinn agus thar lear. Domhnach na Fola i nDoire, cás leanaí Chiarraí agus na scannail san Eaglais Chaitliceach, chíor sí go mion agus scríobh sí faoi na hábhair ar fad agus mórán eile le cois.
(2014) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Márta 1944 Doire, Northern Ireland |
Bás | 21 Lúnasa 2024 80 bliana d'aois Fathain, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, drámadóir, gníomhaí ar son chearta na mban |
Teangacha | Béarla |
Scríobh McCafferty d'fhoilseacháin éagsúla – an Irish Times, an Sunday Tribune agus Hot Press ina measc – agus ó bhí rith breá cainte aici – caint ghonta go minic – bhíodh sí le cloisteáil agus le feiceáil go rialta ar an raidió agus ar an teilifís.[2]
Saol
cuir in eagarRugadh McCafferty i gcathair Dhoire i 1944, duine den seisear clainne a bhí ag Hugh agus Lily McCafferty ina dteach i dTaobh an Bhogaigh.
Bhain McCafferty céim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Bhí sí ar na chéad mhic léinn Chaitliceacha ar tugadh cead dóibh freastal ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Rinne sí staidéar ar na Dána ansin agus bhí sí gníomhach i bpolaitíocht na gceart sibhialta.[3]
Chuaigh sí ag staidéar ina dhiaidh sin sa Fhrainc. Chuaigh sí leis an iriseoireacht nuair a bhí sí sna fichidí.[2]
Gníomhaí
cuir in eagarBhí sí ar dhuine de na mná a bhunaigh Gluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann i 1970. Chuaigh McCafferty agus na baill eile den Ghluaiseacht ar an traein go Béal Feirste i 1971 mar agóid in aghaidh an chosc a bhí an taobh seo den teorainn ar fhrithghiniúnaigh a iompórtáil ná a dhíol. Tharraing an beart poiblíochta sin caint is díospóireacht ar fud na tíre agus thar sáile agus baisteadh Traein na bhFrithghiniúnach uirthi.
Ní dheachaigh Nell McCafferty ar chúl scéithe riamh agus í ag cosaint chearta na mban, na mbocht agus na ndaoine sin a ndearnadh éagóir orthu. Sheas sí go teann le muintir Dhoire, go háirithe nuair a bhí siad ag éileamh a gcearta sibhialta ar stát na Breataine.[3]
Saothar
cuir in eagarScríobh McCafferty roinnt leabhar, lena n-áirítear Peggy Deery – A Derry Family at War, Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell.
- Ceann de na colúin is mó a tharraing cáil agus meas ar an iriseoir na colúin a bhíodh aici san Irish Times ó 1969 go 1977, In the Eyes of the Law . Scríobh sí sa gcolún sin faoi na cúirteanna sa Bridewell, seanfhoirgneamh ó ré Victoria a raibh an-drochbhail air agus ina bpléití cásanna a bhain le dlí teaghlaigh, cásanna a bhí truamhéalach níos minice ná a mhalairt. Níor chuir Nell fiacail ann faoin ainnise is an cruatan a d’fhulaing mná is leanaí i bpríomhchathair na poblachta ach chosain sí i gcónaí dínit agus príobháideachas na ndaoine sin.
- Nuair a bhí an córas dlí sa tír ag tromaíocht ar Joanne Hayes sa gcás dlí ar tugadh leanaí Chiarraí air, sheas Nell an fód go daingean in aghaidh na héagóra a chonaic sí agus í ag obair sa gcúirt agus léirigh sí an tromaíocht sin ina leabhar A Woman to Blame.
- Scríobh sí faoi na mná Poblachtánach a bhí i ngéibheann in Ard Mhacha agus neamhaird déanta ar a bhfulaingt ina leabhar The Armagh Women.
Bhí an-tóir uirthi ar phainéil chainte ar raidió agus ar teilifís agus ba mhinic í ar an Late Late Show le Gay Byrne.[3]
Pearsanta
cuir in eagarBronnadh neart gradam uirthi i gcaitheamh na mblianta – dochtúireacht oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2016 ina measc.
Bhí McCafferty i gcaidreamh leis an scríbhneoir Nuala O'Faolain ar feadh níos mó na cúig bliana déag sular scar siad ó chéile. Cailleadh Nuala O'Faolain in 2008.[2]
Bhí McCafferty 80 bliain d'aois nuair a bhásaigh sí ar an 21 Lúnasa 2024 in ionad altranais i gCo Dhún na nGall agus bhí sí tinn le tamall.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- ‘Fuair mé mo chuid ‘sex education’ sa Ghaeltacht!’ — éist le Nell McCafferty agus í faoi agallamh i nGaeilge. Blaiseadh den bhean agus í faoi agallamh ag Seosaimhín Ní Bheaglaoich ar Raidió na Gaeltachta (sa tsraith ‘Insint na mBan’) i lár na 1980idí. "Dá mbeinn i mo Thaoiseach", a dúirt Nell, "chuirfinn gach páiste sa tír go dtí an Ghaeltacht..."[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Death Notice of Nell McCafferty (Derry City, Derry) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-08-21.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-08-21). "An scríbhneoir, gníomhaí mór le rá Nell McCafferty tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Sa Táin go deo a bheidh Nell – an t-iriseoir agus feimineach ceannródaíoch Nell McCafferty básaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-21). Dáta rochtana: 2024-08-21.
- ↑ "‘Fuair mé mo chuid ‘sex education’ sa Ghaeltacht!’ — éist le Nell McCafferty agus í faoi agallamh i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-22). Dáta rochtana: 2024-08-22.