I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Nia Seaghamhain (Sean-Ghaeilge Nia Segamain) mac Adamair.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNia Segamain
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairAdamair Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíFinnat Már Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí Conall Collamrach, a mharú. Deir Seathrún Céitinn gurbh í a mháthair Flidais na dTuath Dé Danann, bandia na coille. Ba í a cuid draíochta ba chúis a thug eilití fiáine bainne mar ba bha ceansuithe iad, i rith a réime.[1] Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, sular mharaigh Énna Aignech é.

Sanasaíocht

cuir in eagar

As Sean-Ghaeilge, tá dhá bhrí le nia: gaiscíoch [2] agus mac deirféar.[3]. Le haghaidh Segamain, faightear é sa Chóir Amnann: "Nia Seagamain .i. nia trenfer ┐ segda[4] a main."[5]. Is s suimiúil é áfach go bhfuil brí "bainne" le seg.[6]

B'fhéidir go bhfuil a ainm gaolta le Segomo, dia ársa na nGallach, ab ionann agus Mars agus Earcail i ré na Róimhe.[7] Sinsear sna luathghinealaigh na n-Eóganacht ab ea pearsa beagáinín níos stairiúla darbh ainm Nia Segamain, agus dá bharr mar fhianaise, deirtear scaití go raibh bunús Gallacha ag an sliocht.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Foras Feasa ar Éirinn, 1.30
  2. 1 nia ar eDIL
  3. 2 nia ar eDIL
  4. segda ar eDIL
  5. segamain, Cóir A.2 i § 109, ar eDIL.
  6. 1 seg ar eDIL
  7. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 337
  8. Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Four Courts Press, 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
  9. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 287-289
  10. Annála na gCeithre Máistrí, M4880 - 4887


Réamhtheachtaí
Conall Collamrach
Ard Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois RC
FFÉ 226–219 RC
ACM 320–313 RC
Comharba
Énna Aignech