Oileáin Galápagos
Oileánra de oileáin bholcánacha iad Oileáin Galápagos (Ainm oifigiúil: Archipiélago de Colón; ainmneacha Spáinise eile: Islas de Colón nó Islas Galápagos) atá lonnaithe timpeall an mheánchiorcail san Aigéan Ciúin 972 km (525 míle) siar ó Eacuadór ilchríochach, a bhfuil siad mar chuid de. An fiadhúlra spéisiúil atá acu an ghné is suntasaí faoi na hoileáin.
(es) Islas Galápagos | |||||
Cineál | Oileánra, éiciréigiún WWF agus díol spéise do thurasóirí | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Chelonoidis niger | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Galápagos Province, Eacuadór (en) | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
Codanna | 25 | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 1,707 m | ||||
Pointe is airde | Volcán Wolf (en) (1,707 m ) | ||||
Achar | Suíomh Oidhreachta Domhanda: 7,880 km² | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda | |||||
Cineál | Oidhreacht nádúrtha → Meiriceá Laidineach-Muir Chairib | ||||
Am | 1978 (2ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (vii), (viii), (ix) agus (x) (en) | ||||
Aitheantóir | 1 | ||||
Tearmann bithsféir | |||||
Aitheantóir | Iontráil: unesco.org… | ||||
Stair | |||||
Blian aimsithe | 1535 | ||||
Suíomh gréasáin | galapagospark.org | ||||
Nádúr
cuir in eagarTá a lán ainmhithe ar na hOileáin Galápagos agus níl siad ar fáil in aon áit eile. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO iad na hoileáin anois.[1]
Sa 19ú haois, rinne Charles Darwin an-chuid taighde ar na hoileáin, ag féachaint ar na hainmhithe agus ar an timpeallacht, nuair a bhí a theoiric ar an éabhlóid á forbairt aige.[2]
Sa bhliain 2022, thug taighdeoirí faoi deara go bhfuil DNA difriúil ag na toirtísí atá ar na hoileáin anois, i gcomparáid leis an DNA a bhí ag na toirtísí in 1906.
Turasóireacht
cuir in eagarTugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh orthu (in 2024) in iarracht an ghnáthóg speisialta a chosaint.[3]
Féach freisin
cuir in eagar- Glasáin Darwin
- Lonesome George. Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galápagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[4]
Meáin
cuir in eagar-
(Grapsus grapsus) Bahía Tortuga
-
(Pelecanus occidentalis) Bahía Tortuga
-
(Amblyrhynchus cristatus) Bahía Tortuga
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ maynoothuniversity.ie (21 Márta 2022). "Eleathanach 407". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Seosaimhín Ní Bheaglaoich (23 Iúil 2024). "Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-23.
- ↑ Foras na Gaeilge (Fómhar 2013). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2020.