Bhí Oleg Vladimirovich Penkovsky (Rúisis: Олег Владимирович Пеньковский), leis an gcódainm HERO, ina choirnéal Sóivéadach um fhaisnéis mhíleata (GRU) le linn na 1950idí déanacha agus tús na 1960idí luatha. Chuir Penkovsky na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi rúin mhíleata na Sóivéide, ach go háirithe, cuma agus lorg suiteálacha an diúracán balaistíoch de raon idirmheánach na Sóivéide (DBRI) agus laige an chláir diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Sóivéadach (DBII). Bhí an fhaisnéis seo cinntitheach chun ligean do SAM a aithint go raibh na Sóivéadaigh ag cur DBRIanna i gCúba sula raibh an chuid is mó de na diúracáin ag feidhmiú.

Infotaula de personaOleg Penkovsky

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Aibreán 1919
Vladikavkaz, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Bealtaine 1963
44 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síM.V. Frunze Military Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmspiaire, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn Ríocht Aontaithe
Brainse míleataAirtléire
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtSoviet invasion of Poland (en) Aistrigh, Cogadh an Gheimhridh agus An Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Eile
Ciontaíodh iTréas (1963)
→ (pionós an bháis) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 6880696 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Penkovsky an t-oifigeach Sóivéadach is ardchéimiúla chun faisnéis a sholáthar don Iarthar go dtí sin, agus creideann daoine áirithe gur athraigh sé cúrsa an Chogaidh Fhuair. Ghabh na Sóivéadaigh é i mí Dheireadh Fómhair 1962, ansin cuireadh ar a thriail é agus cuireadh chun báis é an bhliain dár gcionn.

Luathshaol agus gairm mhíleata cuir in eagar

Fuair athair Penkovsky bás ag troid mar oifigeach san Arm Bán i gCogadh Cathartha na Rúise. Bhain Penkovsky céim mar leifteanant amach ó Acadamh Airtléire Chív sa bhliain 1939. Tar éis dó páirt a ghlacadh i gCogadh an Gheimhridh in aghaidh na Fionlainne agus sa Dara Cogadh Domhanda bhain sé céim leifteanant-choirnéil amach. Mar oifigeach GRUsa bhliain 1955, ceapadh Penkovsky ina ataisé míleata in Ancara, an Tuirc. D'oibrigh sé níos déanaí ag an gCoiste Sóivéadach um Thaighde Eolaíoch. Bhí Penkovsky ina chara le ceannaire GRU Ivan Serov agus le marascail Sergei Varentsov.

Moltaí chuig CIA agus MI6 cuir in eagar

Chuaigh Penkovsky i dteagmháil le mic léinn Mheiriceá ar Dhroichead Bolshoy Moskvoretsky i Moscó i mí Iúil 1960 agus thug sé pacáiste dóibh inar thairg sé spiaireacht ar son na SA D'iarr sé orthu é a sheachadadh chuig oifigeach faisnéise ag Ambasáid na SA. Chuir an Lárghníomhaireacht Faisnéise moill ar theagmháil a dhéanamh leis. Nuair a dhiúltaigh Ambasáid na SA i Moscó comhoibriú, ag eagla go dtarlódh eachtra idirnáisiúnta, chuaigh an CIA i dteagmháil le MI6 le haghaidh cúnaimh.[1]

D’earcaigh MI6 díoltóir trealaimh thionsclaíoch ón mBreatain chuig tíortha taobh thiar den Chuirtín Iarainn, Greville Wynne, chun cumarsáid a dhéanamh le Penkovksy. Ina dhírbheathaisnéis, deir Wynne gur thug MI6 oiliúint dó thar na blianta fada agus é mar chúram sonrach air teagmháil a dhéanamh le Penkovsky.

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Spy Who Saved the World, by Jerrold L. Schecter and Peter S. Deriabin, pp. 445 & 35.