Olivia O’Leary

iriseoir agus scríbhneoir Éireannach

Is iriseoir agus láithreoir teilifíse Éireannach í Olivia O’Leary. Tá cín lae polaitíochta seachtainiúil aici ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1. Tá cláir chúrsaí reatha curtha i láthair ag Olivia O’Leary ar RTÉ, ar BBC agus ITV i Sasana. Mar iriseoir nuachtáin, scríobh sí faoin bpolaitíocht ar The Sunday Tribune agus The Irish Times araon. D’fhoilsigh O’Brien Press dhá leabhar dá cuid colún raidió a craoladh ar RTÉ, ‘Politicians and Other Animals’ agus ‘Party Animals’. Í féin agus Dr Helen Burke a scríobh Mary Robinson: The Authorised Biography. Chuir sí clár faisnéise dhá uair an chloig dar teideal ‘Daniel O’Connell: Forgotten King of Ireland’ i láthair ar RTÉ 1. Thosaigh sí amach leis an Nationalist agus Leinster Times i gCeatharlach. Bhí sí pósta ar Paul Tansey, eagarthóir eacnamaíochta an Irish Times.

Infotaula de personaOlivia O’Leary
Beathaisnéis
Breith1949
74/75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
St Leo's College, Carlow (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéilePaul Tansey Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata