Is éard atá i gceist leis an optaileictreonaic[1] ná táirgeadh is rialú solais le feistí leictreonacha mar léasair leathsheoltóra, criostail leachtacha is dé-óideanna solasastaíocha. An teicneolaíocht taobh thiar de na taispeántais leictreonacha in uaireadóirí, ríomhairí, teilifíseáin scáileán leata, agus na hidirathruithe idir comharthaí optúla is leictreonacha i dteileachumarsáid le snáithíní optúla.[2]

  1. “optaileictreonaic” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-13.
  2. Hussey, Matt (2011). "Optaileictreonaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.