Pailé-éiceolaíocht
Feidhmiú prionsabail is próisis éiceolaíochta chun na himghníomhuithe idir iontaisí mar chomhluadar is a gcomhshaol sa taifead iontaiseach a thuiscint. Bunaithe ar an smaoineamh gur mhair na hainmhithe is na plandaí i ngach ré gheolaíoch faoi na cúinsí céanna lena ngaolta comhaimseartha. Mar sin, tugann taighde ar fhlúirse choibhneasta gach speiceas iontaisithe fásra is ainmhithe i bhfosú geolaíoch léargas cuimsitheach ar éiceolaíocht is aeráid an ama gheolaíoch sin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailé-éiceolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 502.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |