Paiteagó

baile i gContae Dhún na nGall

Sráidbhaile beag ar an teorainn idir Chontae Dhún na nGall agus Contae Fhear Manach is ea Paiteagó[1] (Pettigo as Béarla). Tá an áit suite trasna na habhann arb í teorainn oifigiúil Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Is é an t-ainm oifigiúil atá ar an leath den tsráidbhaile ar thaobh an Tuaiscirt ná Tullyhommon, is é sin Tulaigh Uí Thiomáin, ach is é an t-ainm atá ag muintir na háite uirthi ná an High Street, is é sin, an tSráid Ard, ós rud é go bhfuil sí suite ar shlios an chnoic, agus radharc maith ansin ar an gcuid eile den tsráidbhaile. An chuid eile den tsráidbhaile, is é sin an tSráid Mhór, Sráid an Mhuilinn, agus Sráid an Stáisiúin, tá siad suite ar thaobh na Poblachta, agus iad ag teacht le chéile ar an Diamant i lár an tsráidbhaile. Tá eastáit nuafhorbartha tithíochta ann chomh maith ar imeall thuaidh na háite.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPaiteagó

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°32′57″N 7°49′52″W / 54.549293°N 7.831235°W / 54.549293; -7.831235
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie14199
Lár an tsráidbhaile

Ar thaobh na Poblachta, bhí 239 nduine ina gcónaí sa bhliain 2011, laghdú 41 duine (-14.6%) ó 2006. Déantar achoimre ar athruithe ar an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[2][3]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 280 - -
2011 239 -41 -14.6%
2016 239 0 0%


Nath cuir in eagar

Imigh leat go Paiteagó a deirtear le duine agus áit i bhfad as i gceist. Leaganacha eile den nath céanna ná Imigh leat go Bun FíImigh leat go Botailí Hó (ó Willie Frainc Chonaill i Rann na Feirste).

Tagairtí cuir in eagar