Císte an-tanaí (san Eoraip) a fhriochtar ar phanna - agus a itear te de ghnáth - is ea pancóg.[1]

Bosca Sonraí BiaPancóg
Bunús
Tír dhúchaisStáit Aontaithe Mheiriceá
Sonraí
Cineálarán slim agus pancóg
Príomh-chomhábhairbainne, plúr, ubh agus ola

Is iad plúr, uibheacha, bainne srl na comhábhair. Déantar pancóga le fuidreamh, a fhuintear ar bhranraí teo nó i bhfriochtán. Fuintear ar taobh amháin iad agus ansin smeachtar nó castar iad chun an taobh eile a fhuineadh.

Ba nós in Éirinn pancóga a dhéanamh ar stíl thanaí an crêpe i gcónaí seachas an stíl thiubh Mheireacánach, atá coitianta in Éirinn anois.[2]

Itear pancóga mar scroid nó mar bhia ar maidin. Cuirtear bia eile orthu amhail anlann, seacláid, subh, torthaí, uachtar buailte, siúcra, cainéal agus rudaí eile nach iad.

Nósanna in Éirinn cuir in eagar

Tugtar Máirt na bPancóg nó Lá ba bPancóg ar Mháirt na hInide. Go traidisiúnta, itheann daoine a lán pancóg ar an lá sin.

Lá mór bainiseacha a bhíodh i Máirt na hInide in Éirinn fadó. Caitheadh mná óga, nach raibh pósta, pancóg san aer agus go ndéanaidís iarracht breith uirthi arís sa fhriochtán gan ligean di titim ar an urlár. Dá n‑éireodh le bean é sin a dhéanamh deirtí gur cinnte go mbeadh sí pósta roimh dheireadh na bliana.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh ? Seo agaibh an t-oideas le haghaidh pancóga atá ag POTA an caifé iomráiteach i nGaeltacht Chonamara.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: pancóg" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
  2. 2.0 2.1 Diarmuid Ó Mathúna (13 Feabhra 2024). "Cén chaoi le pancóga blasta tanaí órdhonn a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.

Naisc sheachtracha cuir in eagar