Peter Murrell

polaiteoir Albanach

Is iar-phríomhfheidhmeannach Pháirtí Náisiúnta na hAlban (PNA) é Peter Tierney Murrell (rugadh 1964). Tá sé pósta le Nicola Sturgeon, iar-cheannaire an PNA agus Iar-Chéad-Aire na hAlban (Gaeilge na hAlban: Prìomh-mhinistearan na h-Alba).

Infotaula de personaPeter Murrell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1964
59/60 bliana d'aois
Dún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Ardscoil Craigmount Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileNicola Sturgeon Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: PeterMurrell Cuir in eagar ar Wikidata

Gairmréim cuir in eagar

Sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht, bhí Peter Murrell ar feadh tréimhse ina Oifigeach caidrimh phoiblí d’Eaglais na hAlban (Gaeilge na hAlban:Eaglais na h-Alba)[1] . Sa bhliain 1989 toghadh Murrell mar Thionólaí Ballraíochta ag craobh Cheann Phàdraig den PNA.[2] I dtoghcháin áitiúla na Bealtaine 1992 do Chomhairle Cheantair Bhanbh is Bùchainn, bhí Murrell ina ghníomhaire toghcháin d'iarrthóirí sna bardaí Longside/ Raitear, agus Buchanhaven/Catto.[3] I Meitheamh 1993 athcheapadh Murrell ina rúnaí ar bhrainse Banff agus Buchan de Chomhairle Saoránach.[4] Faoi Bhealtaine 1994, bhí Murrell ina chúntóir taighde do cheannaire an pháirtí Alex Salmond.[5] I mí Feabhra 1995, bhí Murrell ag obair mar Chúntóir Parlaiminte don Dr Allan Macartney FPE atá lonnaithe in Obar Dheathain.[6] Dúirt an Evening Express go raibh sé “previously responsible for MP Alex Salmond's Banff Buchan office”. I mí na Nollag 1996, ba é ról tuairiscithe Murrell ná “constituency researcher”.[7]


Bhí Murrell ina phríomhfheidhmeannach ar an PNA idir 1999-2023. D'éirigh sé as a phost nuair a d'éirigh a bhean as ceannaireacht an Pháirtí.[8]

Conspóid cuir in eagar

Sa bhliain 2023, bhí Murrell gafa i bhfiosrúchán faoi mhaoiniú an pháirtí. Bhí na póilíní ag fiosrú an méid a tharla de £600,000 a bhailigh lucht feachtais i 2017 ar son neamhspleáchas na hAlban, airgead a bhí ceaptha a bheith curtha go leataobh go sonrach ar mhaithe leis an bhfeachtas sin, ach nach raibh aon trácht air i gcuntais an pháirtí.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar